Áthas ar an Oireachtas

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá áthas ar Oireachtas na Gaeilge a bheith roghnaithe mar cheann den na 6 Cheanneagraíocht faoi scéim nua mhaonaithe Fhoras na Gaeilge.

 

Bunaíodh Oireachtas na Gaeilge in 1897 agus ó shin i leith bhí ról lárnach ag an eagraíocht le caighdeáin a shocrú agus a choinneáil i réimse na n-ealaíon traidisiúnta, lena n-áirítear Amhránaíocht ar an Sean-Nós, Damhsa ar an Sean-Nós, Scéalaíocht, Agallamh Beirte, Lúibíní agus ealaíona eile.

 

Ba é Oireachtas na Gaeilge a chur dlús le forbairt na nua-litríochta Gaeilge agus a thug deiseanna do na scríbhneoirí móra a tháinig chun cinn ó thús an chéid seo caite, ina measc, Ó Conaire, Ó Ríordáin, Ní Dhomhnaill, Ó Cadhain, Maidhc Dainín Ó Sé, Rosenstock, Ó Direáin, Ó Neachtain agus go leor eile.

 

“Táimid ag tnúth lenár ról a glacadh i gcur i bhfeidhm an struchtúir nua” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. “Tá go leor le déanamh againn mar eagraíocht idir seo agus 1ú Iúil chun muid féin a chur in oiriúint do ról Ceanneagraíochta ach creidim go bhfuilimid ábalta é sin a dhéanamh agus gur níos láidre a bheimid dá bharr” a deir sé.

 

D’éirigh thar barr le féilte an Oireachtais le blianta beaga anuas, agus bhí na sluaite i láthair agus rannpháirteach in imeachtaí uile na féile, ag cuimsiú na n-aoisghrúpaí ar fad, agus tá ag éirigh leis an Oireachtas láithreas níos leithne ag a bhaint amach i sceidil chraoltóireachta meáin éagsúla, ina measc, RTÉ Raidió na Gaeltachta, BBC agus ar ndóigh TG4, rud a chuidíonn linn freastail ar phobal labhartha Gaeilge níos

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 20:02:07

Admin/login Comments RSS

ILBF