Ardú ón Aoine ar an líon póintí as coireanna tráchta áirithe

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beidh pionós níos troime feasta do roinnt coireanna tráchta. Beidh an leagan amach nua i bhfeidhm ón Aoine, 1 Lúnasa. Beidh ardú ar an líon pointí pionóis a ghearrtar as tiomáint agus fón póca i do lámh agat, as gan crios sabháilteachta a chaitheamh, as gan srian cheart a bheith ar pháiste, agus as tiomáint go róghasta. Beidh pointí sa bhreis á ghearradh as réimse eile coireanna amach anseo agus tiocfadih siad sin i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana. Dar leis an Aire Pascal Donohoe go dtabharfaidh an pionós bhreise aird ar ghnéithe éigin atá ag cur leis an líon taismí ar na bóithre.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-25 05:59:56

Admin/login Comments RSS

ILBF