Ard Mhéara Bhéal Feirste le leabhar faoi fhiontraíocht na hÉireann a sheoladh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

 

Dé Sathairn 5 Deireadh Fómhair 2013 @ 1:00pm

seolfaidh

an tArdmhéara an Comhairleoir Máirtín Ó Muilleoir

THE IRISH EDGE

How enterprises compete on Authenticity and Place

le Finbar Bradley & James J. Kennelly

ag Dánlann Dillon, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

The Irish Edge

How Enterprises Compete on Authenticity and Place

Finbarr D. Bradley and James J. Kennelly

Orpen Press

Tá ról tabhachtach ag teanga agus cultúr dúchasach na hÉireann chun faobhar a chur arís ar earnáil ghnó na tíre agus sinn ag teacht slán ón nduibheagán eacnamaíochta.

Sin a mhaíonn an eacnamaí agus ollamh ollscoile, an Dr. Fionnbarra Ó Brollcháin, agus é ag caint roimh sheoladh a leabhar nua, ‘The Irish Edge’, sa Chultúrlann i mBéal Feirste Dé Satharn, 5 Deireadh Fómhair.  Ard Mhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Mairtín Ó Muilleoir, a sheolfaidh an leabhar ag am lón sa Cheathrú Poilí.

Ina leabhar nua, atá comh-scríofa le James Kennelly, deir an tOllamh Ó Brollcháin gur cailleadh an fís a raibh ag bunaitheoirí an Stáit.

Thug sé chun cuimhne an méid a raibh le rá ag Micheál Ó Coileáin go gairid sara maraíodh é ag Béal na mBlath.

“The biggest task will be the restoration of the language.  How can we express our most subtle thoughts and finest feelings in a foreign tongue?  Irish will scarcely be our language in this generation, or even perhaps in the next.  But until we have it again on our tongues and in our minds we are not free.”

Dar leis an tOllamh Ó Brollcháin ní fiú bheith ag iomaíocht ar phraghas amháin mar tá níos mó suime ag custaiméirí na linne seo i nithe téibí ar nós údaracht agus áit dúchais.

“Le déanaí tá sé ráite ag Michael O’Leary go mbeidh Ryanair níos cairdiúla as seo amach – léiriú é seo go dtuigeann sé go bhfuil rudaí eile ann seachas praghas i gceist.”

Tá an leabhar nua lán le samplaí den bhealach a bhaineann gnólachtaí leas as ghnéithe éagsúla seachas praghas chun dul chun cinn sa ghnó.  Sampla eile isea an rath atá ar shiopa a dhíolann geansaithe Inis Meáin ar an oileán sin.  “Ceannaíonn daoine iad san ar fuaid an domhain mar go bhfuil sé cosúil leo bheith ag ceannach píosa den oileán.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-20 01:39:13

Admin/login Comments RSS

ILBF