Ard Fheis Shinn Féin – Socruithe nua chun an Ghaeilge a chur chun cinn

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Socruithe nua chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Tá forbairt déanta ar an dóigh a gcuirimid an Ghaeilge ar fáil ar oileáin
na hÉireann, ar bhealaí  atá nualach agus cinntithe.

Is iad na hathruithe seo, le sé mhóreagraíocht ag stiúradh imeachtaí, a
bhéas ag freastal ar phobal mór na Gaeilge ar fud fad na tire seo.

Tá daoine amuigh ansin agus tá siad an-bhuartha gur i mBaile Átha Cliath a
bhéas na príomh-eagraíochtí seo bunaíthe. Lig dom a rá, go láidir agus go
soiléir – gur cuma cá háit sa tír a bhéas na heagraíochtí seo lonnaíthe mar
go mbeidh dearcadh uile-Eireannach acu uilig, agus go mbeidh siad ag
feidhmiú agus ag obair le pobail agus le heagraíochtaí eile i ngach cuid
den tír.

Tabharfaidh na socruithe nua seo an sláine fad-téarmach atá de dhith le
tabhairt faoi riachtainisí Pobal na Gaeilge os seo amach.

Mar chuid de na socruithe nua, beidh fóram forbartha ann, ionadaíoch as
feisirí ar son grúpaí áitiúla atá ag obair ar son na cúise ar fud na tire.

Beidh an Fhóram seo maoinithe ag Fóras na Gaeilge go háitiúil, agus ag
stiúriú imeachtaí Ghaeilge uilig, le bheith cinnte go mbeidh siad ag
tabhairt faoi forbairt agus dul chun cinn na Gaeilge i gcónaí.

Ní dóigh liom go bhfuil na bearnaí atá aagainn sa tír seo chomh leathan sin
nach dtiocfadh linne, pobal na Gaeilge iad a reiteach le chéile, ar son na
teanga.

Ní choir go mbeadh iontas ar dhuine ar bith go gcreideann Sinn Féin gur tír
amháin í seo, agus is fíor cinnte nach n-aithníonn an Ghaeilge aon teorainn
sa tír bhreá seo.

Inniú i mBéal Feirste, an dára chathair is mó in Éirinn , faoi mhaoiniú
Fóras na Gaeilge,  tá níos mó airgid caite ar an Ghaeilge ná áit ar bith
eile sa tír seo – ní athróidh sin as seo amach.

Leoga, le dúthracht An Aire Cultúir, Ealaín agus Fóillíochta, Carál Ní
Chuilin,  beidh, ar a laghad, ceathrú cuid den obair i dtuaisceart na tire,
agus go mbeidh foireann lonnaithe ansin, freagrach as  forbairt na teanga,
agus baint láidir acu an Fhóram Chomhpháirtíochta.

Léiríonn sé seo cuid níos leithne, agus tuilleadh freagraíochtaí ná mar a
bhí sular fógraíodh na hathrúithe seo,  aitheantas den obair iontach atá ag
dul ar aghaidh sna sé chontae ar son na Gaeilge.

Aithníonn Sinn Féin an tábhacht atá le cur chun cinn na Gaeilge, agus
táimid ag tabhairt tacaíochta di go dtí seo, agus is cinnte nach n-athróidh
sé seo ós seo amach.

Ní gá ach amharc ar thaifead s’againn, le gníomhaigh s’againn chun tús le
Athbheocháin na Gaeilge ar fud na tire, ach go háiríthe sa tuaisceart, le
hAirí s’againn ag tacú le hobair éifeachtach s’acu ar mhaithe leis an
Ghaeilge.

Bhunaigh Mairtín Mag Aonghusa, an chéad Aire Oideachais, Comhairle na
Gaelscoilíochta agus Iontaobhas na Gaelscoilíochta le go mbeidh comhordú
straitéiseach agus dul chun cinn san earnáil oideachais lán-Ghaeilge go
buan.

Leán Cáitríona Ruane agus John O Dowd leis an obair seo le sé bliana anuas
le tuilleadh infheistíochta agus tionscnaimh, agus is cinnte go leánfaidh
an dea-obair seo ar aghaidh.

Tá muid go foill ag obair le hAcht na Gaeilge a chur i bhfeidhm, agus tá
muid thar a bheith sásta leis an scéim Líofa, mar go bhfuil níos mó ná 5000
duine ag iarraidh a bheith líofa sa teanga roimh an bhliain 2015.

Cé go bhfuil obair mhaith déanta againn, aithnímid go bhfuil mol mór eile
go fóill le déanamh. Agus thig le pobal na Gaeilge a bheith cinnte go
bhfuil muid tiománta leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus deiseanna a
chruthú, ní amháin do Ghaeilgeoirí na linne seo, ach do lucht labhartha na
teanga atá go foill le teacht.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-17 16:01:21

Admin/login Comments RSS

ILBF