Ard Fheis Chonradh na Gaeilge – Todhchaí Dár dTeanga!

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Roghnaíonn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge Todhchaí Dár dTeanga i gCiarraí
Cearta agus Comhionannas – Gaeilge sa Bhaile, Gaeilge san Eoraip Téama
Ard-Fheise an Chonartha

Sna sála ar agóidí a tharraing na mílte amach ag tacú le cothrom na Féinne
do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar shráideanna Bhaile Átha Cliath
agus ar bhóithre Chonamara le coicís anuas, tá Conradh na Gaeilge ag súil
le tuilleadh tacaíochta a chothú don fheachtas* Roghnaím Todhchaí Dár
dTeanga* ag Ard-Fheis bhliantúil an fhóraim dhaonlathaigh in *Óstán na
nAirde (Heights Hotel), Cill Airne, Co. Chiarraí *an deireadh seachtaine
beag seo, ó *28 Feabhra – 2 Márta 2014*.

*Cearta agus Comhionannas – Gaeilge sa Bhaile, Gaeilge san Eoraip *atá mar
théama *Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2014* agus pléifear conas fáil réidh
leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, úsáid na Gaeilge sna
cúirteanna ó thuaidh, na dúshláin a bhaineann leis an nGaeilge a úsáid leis
an earnáil phoiblí ó dheas, agus úsáid na teanga i measc an aosa óig ag
Seimineár na hArd-Fheise in Óstán na nAirde ar 8.30in oíche Aoine.

Arsa *Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge*:

“Tá cearta agus comhionannas go mór i mbéal an phobail faoi láthair, tar
éis do 10,000 duine a dtacaíocht a léiriú don teanga ag Lá Mór na Gaeilge
agus tar éis don Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin seasamh siar óna ról
- an chéad Ombudsman ceaptha ag Uachtarán na hÉireann go raibh air riamh a
leithéid a dhéanamh mar gheall ar easpa gnímh ón Rialtas ó dheas chun
cearta teanga – cearta daonna bunúsacha – a chosaint.

“Tá an teanga á imeallú go leanúnach ag an dá Rialtas le blianta beag anuas
- tá na státchórais ag brú Béarla ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta
thuaidh agus theas agus tá sé seo ag cur go mór le meath na Gaeltachta in
Éirinn. Ní ghlacfaidh Conradh na Gaeilge leis seo agus tabharfaidh
Ard-Fheis an Chonartha deis don phobal moltaí agus gnímh a dhéanamh chun
cearta agus comhionannas a éileamh don Ghaeilge, sa bhaile agus san Eoraip,
agus chun an feachtas cearta teanga seo a leathnú agus a neartú sna míonna
amach romhainn.”

Tionólfar Seimineár Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i ndiaidh oscailt
oifigiúil na hArd-Fheise leis an gComhairleoir áitiúil Mícheál Ó Gliasáin
ar 8.00in oíche Aoine (28 Feabhra 2014), áit a labhróidh An Dr. Pádraig
Breandán Ó Laighin; Roibeard Ó hEartáin, Oifigeach Gaeilge Chomhairle
Chontae Chiarraí; Micheál Ó Flannagáin, Craobh na Cúirte; agus Niamh Ní
Chróinín, Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide sula n-osclófar an urlár do
mholtaí ó theachtaí Ard-Fheise agus ón bpobal araon.

Arsa *Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge*:

“Is fóram daonlathach phobal na Gaeilge agus eagras uile-oileánda é Conradh
na Gaeilge, mar sin is fóram tábhachtach í Ard-Fheis na heagraíochta chun
guth a thabhairt do lucht na teanga, agus an ceart ag baill aonair agus ag
baill chraoibhe moltaí a chur chun cinn d’fheachtais agus do chlár oibre an
Chonartha don bhliain amach romhainn.

“Is é cothrom na Féinne do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud an
oileáin an chloch is mó ar phaidrín phobal na teanga faoi láthair, agus sin
an chúis go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an téama cearta agus
comhionannas ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana. Níl pobal na
Gaeilge agus Gaeltachta thuaidh theas sásta le ceachtar den dá Rialtas mar
gheall nach bhfuil siad ag tacú leo nó ag soláthar cosaint dhlí shásúil dá
gcearta bunúsacha daonna lena dteanga a úsáid.”

Cuireadh tús leis an bhfeachtas *Roghnaím Todhchaí Dár dTeanga* sna sála ar
fhógairt Sheáin Uí Chuirreáin, Coimisinéir Teanga, go mbeidh sé ag éirí as
oifig ar 23 Feabhra 2014 mar gheall ar easpa tacaíochta an Rialtais ó dheas
do chearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Cuireadh dlús leis
an bhfeachtas chun cearta daonna a bhaint amach nuair a foilsíodh tuairisc
Chomhairle na hEorpa ar 16 Eanáir 2014, áit a luaitear go bhfuil cosc á
chur le fás agus cur chun cinn na Gaeilge i dTuaisceart Éireann mar thoradh
ar dhearcadh naimhdeach i leith na teanga i Stormont, agus easpa
thacaíochta dá húsáid sna cúirteanna agus san oideachas.

Mar aon le Seimineár na hArd-Fheise, beidh Fóram na Gaeilge d’Aontas na Mac
Léinn in Éirinn (AMLÉ), gnó na hArd-Fheise agus tuairiscí ó eagraíochtaí
faoi scáth an Chonartha, cluichí peile idir Gaelscoileanna Chiarraí,
ceardlanna traenála do bhaill aonair agus do bhaill chraoibhe, siúlóid
urraithe do Ghaelscoil Faithleann, agus oscailt Sheachtain na Gaeilge 2014
ar siúl Dé Sathairn (1 Márta 2014) sula gcríochnaíonn Ard-Fheis Chonradh na
Gaeilge 2014 le ceol agus siúlóidí roghnaitheacha áitiúla Dé Domhnaigh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 14:36:20

Admin/login Comments RSS

ILBF