Ar Thóir an Cheoil

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cuirfear tús le sraith nua cláracha faoi bhannaí ceoil traidisiúnta ‘Ar Thóir an Cheoil’, ar TG4 ar an 27 Deireadh Fómhair. Is í Méabh O’Hare, fidléir as Béal Feirste, léiritheoir na sraithe, a dhíríonn ar bhannaí traidisiúnta iomráiteacha agus ar na ceoltóirí a d’imir tionchar ar a gcuid ceoil.

 

Le linn na sraithe cloistear roinnt de na bannaí is mó tóir i saol an cheoil thraidisúnta faoi láthair ar nós The Bonny Men, Lumiere, We Banjo Three, Buille, Caladh Nua agus Beoga, bannaí a bhfuil leanúint mhór acu anseo in Éirinn agus thar lear.

 

Díríonn gach clár ar bhanna ceoil ar leith. Cloistear an buíon ceoil ar ardán agus leantar baill an bhanna ar thuras ceoil agus iad ag  bualadh leis na ceoltóirí a ndeachaigh i bhfeidhm orthu. I measc na gceoltóirí a bheidh le cloisteáil ar an chlár, tá Micheál Ó Súilleabháin, Mickey Dunne, Gino Lupari, Na Casaidigh, Liam Ó Maonlaí, Neil Lyons, Bobby Gardiner, Tom Doorley, Mairtín O’Connor, Mel Mercier, Cathal Hayden and Gerry O’Connor.

 

Léiritear eagsúltacht ceoil sa tsraith ‘Ar Thóir an Cheoil’ agus faightear léargas ar Jazz, ceol tíre, ceol claisiceacha agus blues,  seanraí eagsúla atá ag dul i bhfeidhm ar cheol na mbannaí agus ar cheol traidisiúnta trí chéile.

 

“Bhí spéis a riamh agam i mbannaí ceoil. Nuair a bhí mé ag fás aníos, bheinn ag éisteacht lena leithéidí Altan, The Bothy Band, Flook agus Dervish. Shíl mé go mbeadh sé suimiúil díriú ar

bhannaí ceoil de chuid na linne seo agus cloisteáil faoi na ceoltóirí ar éist siad leo agus iad ag fás aníos,” arsa Méabh O’Hare, stiúrthóir agus léiritheoir na sraithe.

 

“ Sraith ar leith atá ann ina mbuaileann ceoltóirí le ceoltóirí eile a d’imir tionchar orthu ar bhonn pearsanta agus ar fhuaim an bhanna trí chéile”, arsa Méabh O’Hare.

 

Tá roinnt sraitheanna faisnéise dírithe ar ceol agus ealaíon déanta ag Sonas cheana féin do TG4, Stair na mBannaí Céilí, a léirigh stair na bannaí céilithe in Éirinn agus Buail Cosl, a d’inis scéal an damhsa Gaelaigh in Éirinn.

Craolfar ‘Ar Thóir an Cheoil’ ar an 27 Deireadh Fómhair ag a 22:00. Díríonn clár a haon sa tsraith nua ‘Ar Thóir an Cheoil’ ar ‘The Bonney Men’, banna ceoil óg as Baile Átha Cliath a chasann ceol traidisiúnta bríomhar. Buaileann baill den ghrúpa le hiarscoláirí Choláiste Eoin Iosagáin, Liam Ó Maonlaí, Tom Doorley agus Séamus Mac Mathúna. Má chailleann tú clár is féidir coimhéad siar air trí ‘TG4 Player’ ar feadh míosa tar éis an craoladh.  Tá ‘Ar Thóir an Cheoil’ maonaithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge do TG4.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-25 19:54:20

Admin/login Comments RSS

ILBF