Aontachtaithe i ndiaidh siúil amach as cainteanna Stormont – ní ghlacfaidh siad páirte ann

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Aontachtaithe i ndiaidh siúil amach as cainteanna Stormont – ní ghlacfaidh siad páirte ann

 

Shiúil ionadaithe ó pháirtithe dílseacha ó thuaidh amach as cainteanna ag Stormont inniu mar agóid i gcoinne srianta a bheith curtha ar mhórshiúil Oráisteach. Dar leis na hionadaithe den DUP, UUP, TUV, PUP agus UPRG go léiríonn cinneadh Choimisiúin na Mórshiúlta chun srianta a chur i mbliana arís, faoi mar a cuireadh anuraidh, ar mhórshiúil Oráisteach a bhí ag iarraidh dul thar siopaí Ard Eoin ar 12 Iúil, go léiríonn sé nach suim leis an Choimisiún caidreamh a thógáil le hAontachtaithe. Mar sin dar leo nach mbeidh siad páirteach i gcainteanna na gceannairí faoi mhórshiúlta agus ceisteanna eile a thosaigh ag Stormont inné.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-21 13:22:49

Admin/login Comments RSS

ILBF