Anna Lo ag smaoineamh ar theitheadh as na Sé Chontae, Peter Robinson ‘ní bheadh fonn orm masla a thabhairt do Mhoslamaigh ná olc a chur orthu’

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Anna Lo go bhfuil sí ag smaoineamh ar imeacht as na Sé Chontae ar fad cionn is go mothaíonn sí faoi bhagairt mar dhuine de phobal eitneach sa tuaisceart. Dar léi nach bhfuil sí chun dul chun tosaigh don tionól arís agus go bhfuil sí ag smaoineamh ar imeacht ón áit mar gheall ar an nimh agus bagairt ar bhonn ciníochach. Mhaígh sí go dtiocfadh le cosaint Peter Robinson ar an Tréadaí Jack Mc Connell cur leis an teannas. ‘Tá fearg mhór orm. Le roinnt míonna anuas táimid ag feiceáil méadú ar an líon ionsaí ciníochach, dá nó trí ionsaí sa lá. Ansin nochtann an Tréadaí Mc Connell na tuairimí seo. Agus ansin tagann polaiteoir i ndiaidh polaiteora chun tosaigh, agus go fiú an Chéad Aire. Cén sórt áite seo a chonaíonn muid ann? Mothaim i mbaol. Tá a fhios agam gur ionsaíodh daoine ó phobail eitneacha agus is eagal liom nuair a shiúlaim sa tsráid go n-ionseofar mé.’

Dar le Peter Robinson agus é ag caint inniu gur tugadh brí dá fhocail nár rún dó a bheith leo. Chosain sé an Tréadaí Mc Connell dar leis mar go bhfuil saoirse cainte aige agus go gcosnódh sé ceart daoine eile tuairim a nocht go fiú mura n-aontaíonn sé leo. Bunchloch don daonlathas é, dar leis, go mbeadh cead ag daoine tuairimí éagsúla a nochtú saor ó bhagairt.

‘Le nach mbeadh amhras ann’ ar sé, ‘dearbhaim gur mhór liom a bhfuil tugtha ag gach pobal anseo agus i gcoinníollacha ar leith an pobal Moslamach. Bainfidh mé tairbhe as faill chun bualadh le ceannairí Moslamacha na háite chun a léiriú mo thacaíocht dóibh mar shaoránaigh Thuaisceart Éireann a chloíonn leis an dlí.’ Maidir le leithscéal a ghabháil le Moslamaigh ar seisean,’Más rud é gur dhúirt mise aon rud a bhí dímheasúil, ghabhfainn leithscéal ar ndóigh. Thug mé le fios go soiléir go mbeinn gortaithe dá mba rud é gur smaoinigh siad go raibh mé dímheasúil fúthu nó nach dtacaim leo. Is mar gheall air sin gur mhaith liom bualadh le ceannairí Moslamacha agus a chur ina luí orthu go bhfuil mé ag tacú leo.’

Aréir dúirt an Tréadaí Jack Mc Connell go raibh tocht air nuair a dúradh leis go raibh Peter Robinson ag tacú leis. Agus ní amháin Peter Robinson ach Sammy Wilson, Gregory Campbell agus Edwin Poots.

Cáineadh Peter Robinson as a bheith ag maíomh in agallamh leis an Irish News gur thacaigh sé leis an Tréadaí Mc Connell agus go mbeadh muinín aige as Moslamaigh le ‘dul chuig an siopa’ nó gnáthstúif den tsórt sin ach nach mbeadh muinín aige as Moslamaigh a bhí ceangailte le forneart nó a chreid go huile i ndlí Sharia treoir spioradálta a thabhairt dó.

Dúuirt an Tréadaí Jack Mc Connell, a bhfuil teampall aige i dtuaisceart Bhéal Feirste, go bhfuil ‘Ioslám Págánach, tá Ioslám Satanach’ gur teagasc ‘de shliocht Ifrinn’ é.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-26 22:05:29

Admin/login Comments RSS

ILBF