Anderson – fáilte roimh Ghaeilge i suíomh gréasáin Thoghcháinan AE

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Anderson - fáilte roimh Ghaeilge i suíomh gréasáin Thoghcháinan AE

Chuir FPE Shinn Féin Martina Anderson fáilte roimhe go bhuil Gaeilge den chéad uair i Suíomh Gréasáin Thoghcháin an AE, a seoladh an tseachtain seo.

Dúirt Martina Anderson:

“Ó ghlac mé an ról mar FPE tá mé ag stocaireacht ar an gCoimisiún aitheantas comhionann le gach teanga oifigiúil eile a bheith ag an Ghaeilge, mar cheann de theangacha oifigiúla an AE.

“Is í seo an chéad uair a cuireadh roinnt Gaeilge ar shuíomh gréasáin Thoghcháin an AE agus cuirim fáilte roimhe mar chéad chéim agus tá súil agam gur léiriú é go dtabharfar comhstádas le gach teanga oifigiúil dár dteanga dhúchais faoi dheireadh i saol oibre Institiúidí an AE.”

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-28 03:55:40

Admin/login Comments RSS

ILBF