An tUachtarán Michael D faoi agallamh ar Raidió na Life inniu

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

An tUachtarán agus Judy-Meg Ní ChinnéideSa ghrianghraf, Judy-Meg Ní Chinnéide Labharfaidh agus an tUachtarán Michael D Higgins

 

Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUiginn le Raidió na Life inniu, Dé Céadaoin 18ú Nollaig in agallamh eisiach uair a’ chloig ar fhad, óna 12 i.n. go dtína 1 i.n. mar chuid den tsraith ‘20 Bliain’, agus muid ag cur clabhsúr le ceiliúradh ‘20 Bliain Beo’ Raidió na Life, comóradh chothrom 20 bliain bhunaithe an stáisiúin.   Tá tuilleadh eolais ar fáil sa phreas ráiteas faoi iamh.

Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUiginn faoi agallamh ar ‘20 Bliain’ ar Raidió na Life Dé Céadaoin 18ú Nollaig, 12:00 – 13:00
Tá áthas ar Raidió na Life a fhógairt go mbeidh Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUiginn ag tabhairt mór-agallamh don stáisiún Dé Céadaoin beag seo 18ú Nollaig ag a meánlae mar chuid den tsraith ’20 Bliain’, sraith ina labhrann mórphearsantachtaí ó shaol poiblí na hÉireann le láithreoirí deonacha éagsúla ó Raidió na Life faoin méid a thit amach i saol an duine sin idir na blianta 1993 agus 2013, an tréimhse chéanna go bhfuil Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail do phobal na Gaeilge i mórcheantar Átha Cliath.
Beidh Judy-Meg Ní Chinnéide i mbun cainte leis an Uachtarán an tseachtain seo agus é ag caint faoin méid a thit amach ina shaol le fiche bliain anuas agus ag roghnú roinnt ceoil. I measc ábhair chainte eile, labhrann an tUachtarán faoina chuimhní faoi bhunú Raidió na Life féin i 1993, a ról féin mar Aire Ealaíona, Cultúir agus Gaeltachta le linn bhunú Theilifís na Gaeilge, agus a dhearcadh i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge sa sochaí Éireannach le linn an ama sin freisin. Ná caill an t-agallamh fíor-spéisiúil seo! Éist leis Dé Céadaoin ag a 12 i.n. ar 106.4FM in Átha Cliath nó ar líne ar raidionalife.ie.
Bíonn an clár 20 Bliain‟ le cloisteáil gach Céadaoin ag a 12 meánlae, le deis éisteacht arís leis ag a 7 i.n. gach tráthnóna Déardaoin. Tá réimse leathan d‟aíonna tar éis páirt a ghlacadh sa sraith, idir aisteoirí, polaiteoirí, craoltóirí aitheanta, ceoltóirí srl. Is féidir éisteacht siar leis na hagallaimh ar fad a craoladh go dtí seo ar shuíomh Raidió na Life http://www.raidionalife.ie/20bliain/, áit a thiocfaidh tú ar agallaimh le leithéidí

An Taoiseach Enda Kenny, an fuirseoir Dara Ó Briain, an t-aisteoir Peter Coonan (Fran‟ i Love/Hate), an láithreoir teilifíse Bláthnaid Ní Chofaigh, Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach Fiach Mac Conghail agus neart daoine eile nach iad.
Arsa Cian Mac Cárthaigh, Clár Reachtaire Raidió na Life, “Bhí sé soiléir dúinn go bhfuil réimse leathan daoine i saol poiblí na hÉireann agus scéal le hinsint acu faoin méid a thit amach ina saolta idir 1993 agus 2013. Bhí sé tábhachtach dúinn na scéalta seo a chur ar an dtaifead trí Ghaeilge agus tá súil againn go mbeidh daoine fós ag éisteacht leo nuair atá Raidió na Life ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód. Bhí sé go deas freisin deis a thabhairt do láithreoirí deonacha RnL a gcuid talainne mar iriseoirí a léiriú agus iad i mbun agallaimh uair a‟ cloig le cuid de na daoine is mó le rá i saol poiblí na tíre.”
Tá físeán de thuras Raidió na Life chuig Áras an Uachtaráin déanta ag an scannánóir óg Laura Gaynor, oibrí deonach leis an stáisiún.

Féach: http://www.youtube.com/watch?v=ooJ9gNI-rxo
Agallaimh roimhe seo ar ‘20 Bliain’:
Seo thíos liosta díobh siúd a cuireadh faoi agallamh ar an tsraith „20 Bliain‟ ar Raidió na Life go dtí seo, mar aon le naisc áit gur féidir éisteacht siar leo in athuair:
25ú Meán Fómhair – Dara Ó Briain – https://soundcloud.com/rnl/dara-briain
2ú Deireadh Fómhair – Cynthia Ní Mhurchú – https://soundcloud.com/rnl/cynthia-n-mhurch-ar-20-bliain
Tá an tsraith seo léirithe ag Deirdre Callanan agus Cian Mac Cárthaigh agus is é Fearghal Saxe an t-innealtóir fuaime ar an tsraith. Tá láithreoirí deonacha éagsúla ón stáisiún ag cur na cláracha i láthair. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn faoin gclár ag cian@raidionalife
Faoi Raidió na Life:
Buaiteoir ghradam Stáisiún Raidió na Bliana‟ ag Féile na Meán Ceilteach sa Bhreatain Bheag i 2013, tá Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail lán-Ghaeilge do mhórcheantar Átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus pobail ó 25ú Meán Fómhair 1993 mar stáisiún pobail sainspéise. Faigheann an stáisiún tacaíocht airgeadais ó Fhoras na Gaeilge, a chuireann ar a chumas triúr foirne lánaimseartha a fhostú mar aon le Maor Deireadh Seachtaine páirtaimseartha. Is ar bhonn deonach a oibríonn láithreoirí uile an stáisiúin agus bíonn idir 100 agus 150 duine ag glacadh páirte sa stáisiún ar bhonn deonach chuile sheachtain. Feidhmíonn sé faoi stiúr Bhord Stiúrtha deonach.
Tá suas le dhá mhíle craoltóir tar éis taithí chraolacháin a fháil le RnaL thar na blianta, ina measc Sharon Ní Bheoláin, Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Aedín Gormley (RTÉ Lyric FM), Colm Ó Mongáin (RTÉ Raidió 1), Clíona Ní Chíosáin (Aifric TG4), Aodhán Ó Ríordáin TD, Rónán Ó Muirthile (Láithreoir ‘Splanc’ ar Newstalk & Léiritheoir Teilifíse), Cearbhall Ó Síocháin (RTÉ RnaG), Fachtna Ó Drisceoil (RTÉ/RnaG), Barbara Nic Dhonnachadha (i102-104), Darragh Ó Tuama (Newstalk), Cormac Ó hEadhra (RnaG) agus neart eile nach iad. Craolann RnaL 7 lá sa tseachtain ar 106.4FM in Átha Cliath agus beo ar líne ag raidionalife.ie freisin.
Tá cáil ar an stáisiún as ard-chaighdeán na gclár cainte a fhreastalaíonn ar réimse leathan aoisghrúpaí & sainspéiseanna i measc lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus a thugann dearcadh eile ar chúrsaí nuachta is cúrsaí cultúrtha d‟éisteoirí.

Aithnítear an stáisiún freisin as ucht a réimse eicléictiúil ceoil, lena n-áirítear popcheol, rac-cheol, ceol traidisiúnta, snagcheol, ceol ailtéarnach, reggae, ceol clasaiceach, ceol domhanda, ceol leictreonah/damhsa, dord & droma, hip hop, r‟n‟b srl. – agus na cláir go léir, nach mór, curtha i láthair trí Ghaeilge.

Déanann an stáisiún obair luachmhar le pobail mhionteangacha eile sa phríomhchathair freisin, le cláracha á gcur i láthair ar an stáisiún i dteangacha phobail inimirceacha ar nós an Pholainnis is an Spáinnis, mar aon le mionteangacha cosúil leis an Chatalóinis leis.
Bhronn Oireachtas na Gaeilge gradam speisialta ar Raidió na Life níos luaithe i mbliana as „Scoth na Seirbhíse le 20 Bliain ó 1993 – 2013’ mar aon le „Láithreán Gréasáin na Bliana‟

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-22 04:39:29

Admin/login Comments RSS

ILBF