An tUachtarán i ndiaidh comhbhrón a dhéanamh le pobal na hOllainne

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Scríobh an tUachtarán inniu chuig Rí na hOllainne ag dul comhbhrón le pobal na tíre as bás 196 Ollanach ar an eitleán  a lgeadh os cionn na hÚcráine. Thagair sé go sonrach don tragóid bhreise gur saineolaithe a chaith a saol ag iarraidh frithnimh a fháil ar an ghalar SEIF  cuid mhór acu sin a maraíodh. Ghabh sé comhbhrón le clann Edel Mahady, an tÉireannach a cailleadh agus le clanna an uile duine a maraíodh sa tubaiste. Meastar gur raicéid a ba chúis leis an tubaiste agus inniu chuir an Úacráin leis an bhrú ar lucht éirí amach sa Ucráin Thoir, iad ag maíomh go bhfuil an Rúis ag cuidiú le lucht éirí amach fianaise i smionagar an eitleáin a scrios. Tá briatharchatha ag dul idir iad agus an Rúis agus na meáin sa Rúis ag cur in iúl go bhfuil iarracht ar bun chun leithscéal a chruthú do ECAT (Eagras Conradh an Atlantaigh Thuaidh) a ladhar a chur isteach i ngnóithe an reigiúin. Ach tá brú ar an Rúis agus beidh an brú sin ag dul i dtreis sna laethanta beaga amach romhainn agus rialtais go leor tríd an domhan ag iarraidh fiosrúchán cuimsitheach neamhspleách ar cad go díreach a tharla agus cé a bhí freagrach as.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-28 03:55:08

Admin/login Comments RSS

ILBF