An tUachtarán i láthair ag tórramh Christine Buckley

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí an tUachtarán Michael D Higgins ar scaifte de os cionn 1,000 duine a d’fhreastail ar thorramh Christine Buckley i mBaile Átha Cliath inniu. Cailleadh Christine Buckley agus í in aois 67 mar gheall ar ailse. Agus í óg d’fhulaing sí drochíde in institiúidí a bhí faoi smacht oird reiligiúnda. Ar theacht in aois chaith sí cuid mhór dá saoil ag brú is ag feachtasú ar son daoine a d’fhulaing drochíde. Ag an Aifreann inniu cuireadh in iúl go raibh glór beag aici ach go raibh a éifeacht mór láidir.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 18:15:41

Admin/login Comments RSS

ILBF