An tOrd Oráisteach – níl polasaí formálta ná treoirlínte againn i dtaobh na Gaeilge

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

I ráiteas ar maidin mhaígh an tOrd Oraisteach nach bhfuil aon pholasaí formálta ná treoirlínte acu maidir leis an Ghaeilge. Tagann a ráiteas sna sála ar mholadh Ard Mhaistir an Oird i mBéal Feirste nár cheart do Phrotastúnaigh Gaeilge a fhoghlaim cionn is, dar le George Chittwick, cionn is gur cuid den chlár Poblachtach é sin.

Dar leis an Ord Oráisteach gur ceist é seo do ‘individual conscience.’

Chuimhnigh siad go raibh Oráistigh, feadh stair na hinstitiúide, a bhí líofa sa Ghaeilge nó a bhí iontach eolasach faoin teanga.

‘Bíodh is go bhfuilimid i gcoinne úsáid na Gaeilge mar uirlís pholaitiúil, go díreach faoi mar a úsáideann Poblachtaigh freasúra i gcoinne na mórshiúlta s’againne, tá coimitmint i gcónaí ag an Inistitiúid Oráisteach do chomhthodhchaí comónta. Ní mór áfach go mbeadh meas agus caoinfhulaingt dár n-oidhreacht is dár gcultúr Briotánach mar chuid de mar aon le dearcaí mionlaigh.’

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive