An toghchán ó thuaidh – uasdatú – NI21 – a gcéad comhairleoir tofa

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Kyle Spence (NI21) tofa i nDroichead an Bhanna/Craigavon/Ard Mhacha

 

Ráflaíocht ann go bhfuil an SDLP buartha faoi shuíocháin Tim Attwood (Béal Feirste Thiar) agus Pat McCarthy (Béal Feirste Thuaidh)

 

chlis ar Ken Wilkinson, ball aitheanta den PUP, suíochán a bhaint i mBaile Nua na Mainistreach

 

Rinneadh Jim Dillon, UUP, an comhairleoir is faide i gcumhacht ag an pháirtí, a atoghadh i Lios na gCearrbhach/Caisleán Riabhach

 

An Corr Críochach – Tofa Cathal Mallaghan, John McNamee (SF) agus Trevor Wilson (UUP)  agus Gavin Bell (SF)

Deir Tina Mc Kenzie, NI21, nach suim léi a bheith ina ceannaire ar an pháirtí. Rinne an NI21 a bpáirtí nua a sheoladh sa MAC, nua Amharclann Bhéal Feirste. Agus nach iad a chuir greann agus drámaíocht is seó ar fáil dúinn go háirithe le cúpla lá anuas!

Lár Uladh  Caoimhe O’Neill (SF), Catherine Elattar (SF), Anne Ford (DUP) agus Derek McKinney(UUP) Walter Cuddy (UUP) tofa

Port an Dúnáin – tofa – Jonathan Buckley

 

An Dún Thuaidh – Joseph Boyle (SDLP), Robert Adair (DUP), Angus Carson (UUP) tofa

 

Aontroim – SDLP Thomas Burns tofa

 

Toghadh Luke Poots, mac leis an Aire Sláinte ó thuaidh, Edwin Poots, do Lios na gCearrbhach, i dtoghchán na gcomhairlí ó thuaidh.

 

Déanfar an postáil seo a uasdatú go rialta

 

Comháireamh Bhéal Feirste inniu, Aoine, Balmoral, Blackmountain, Liosnashara, Court, Botanic le fógairt inniu. An chuid eile amárach, Dé Sathairn.

 

Tá Anne-Marie Logue ar an chéad chomhairleoir de chuid Shinn Féin chun suíochán a bhaint ó thuaidh sna toghcháin comhairlí, 2014.

Deir Tina Mc Kenzie, iarrthóir Eorpach agus comhairle ag NI21, nach bhfuil sí sásta glacadh feasta le Basil Mc Crea ná John Mc Allister, mar cheannaire.

Chlis ar Dineen Walker, leasArd Mhéara i mBaile Nua na Mainistreach, (DUP) suíochán a bhaint. Bhí iomrá mhór uirthi nuair a chuir sí i gcoinne iarrachtaí comhairleoirí eile an DUP agus comhairleoirí eile an dráma The Bible: The Complete Word of God (Abridged) a chosc.

Thosaigh an comháireamh i mBéal Feirste i dtrátha a dó a chlog.

 

Toghadh Fraser Agnew, UUP i mBaile Nua na Mainistreach.

Tá 11 comhairle i gceist ó thuaidh seachas 26 mar a bhí ann roimheagus tá dreim leis go mbeidh tromlach, ag deireadh an toghcháin seo, ag aontachtaithe i 6 Chomhairle, tromlach ag náisiúnaithe ar 4 Comhairle, agus Páirtí an Chomhaontais ina RíDhéantóir i mBéal Feirste. Leanfar leis an chomháireamh amárach. Níl dreim le toradh toghchán na hEorpa go dtí an Luan.

 

Dreim leis go mbeidh Poblachtach Neamhspleách, Barry Monteith , ag barr an tábla i nDún Geanainn.

Tá tuairimíocht ann i mBéal Feirste go mbeidh Máirtín Ó Muilleoir ag barr an liosta i mBalmoral. Bhí sé sa tríú áit ansin in 2011 ach tá a sheal mar Ard-Mhéara Bhéal Feirste i ndiaidh cur go mór lena hiomrá agus lena thacaíocht. Cuirfear suim mhór sa toghchán áitiúil ansin nó is ann atá Tina Mc Kenzie ag seasamh, bean a bhí ina iarrthóir Eorpach do NI21 agus a d’éirigh as Feidhmeannas an pháirtí aréir. Agus lena chois is sa toghcheantar sin atá iarLeas Ard Mhéara ar Bhéal Feirste, Christopher Stalford, DUP. Agus Jeffery Dudgeon, fear a bhí chun tosaigh san fheachtas i gcoinne cosc dlí a bheith ar homaighnéasachas agus thug sé cás dlí chuig Cúirt Strasbourg. Tá sé ina iarrthóir don UUP.

Tá dreim le toradh ar an chéad chomháireamh i roinnt toghcheantar faoin 3.00 agus na céad torthaí, thart faoi 6 a chlog tráthnóna. Ní bheidh na torthaí críochnaithe go dtí oíche amárach.

Tá oibrithe Shinn Féin i mBéal Feirste ag cur in iúl go bhfuil siad muiníneach go mbainfidh siad 5 suíochán i gceantar Colin, suíochán amháin i mBotanic, ceann eile i Titanic agus 3 cinn i mBéal Feirste Thuaidh. Níl aon chaint go fóill ar shuíochán Niall Ó Donghaile i mBéal Feirste Thoir.

 

Toghfar 60 comhairleoir i mBéal Feirste agus 40 comhairleoir in achan cheann den 10 comhairle eile.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-29 18:13:56

Admin/login Comments RSS

ILBF