An toghchán Eorpach ó thuaidh – ní bhainfidh iarrthóir ar bith an chuóta amach ar chéad chomháireamh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí an líon votoirí sa toghchán Eorpach ó thuaidh níos airde an iarraidh seo ná an t-am deiridh thrt faoi 635,000 vóta ,  51.84%, mar gheall, seans, ar an vóta do na SárChomhairlí a bheith ar an lá amháin. Is ionann sin agus 147,036 vótóir sa bhreis ar an am deiridh. Dar le foinsí Shinn Féin go mbeidh an chuóta thart ar 155,000 ach nach bhfuil siad ag dréim le Martina Anderson ná iarrthóir ar bith eile sin a bhaint amach ar an chéad chomháireamh. Beidh aird go háirithe ar vóta Jim Allister (TUV) agus Alex Attwood, (SDLP)  a d’fhéadfadh a bheith san iomaíocht le Jim Nicholson don tríú suíochán. Níl amhras ach go bhfuil suíochán cinnte do Martina Anderson, Sinn Féin, agus Diane Dodds, DUP.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 03:47:46

Admin/login Comments RSS

ILBF