An Tionól Dearg – Slógadh frith-chiníoch ag Stormont

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Slógadh frith-chiníoch ag Stormont 

         

Tháinig cúpla céad Gaeil, idir óg agus aosta, amach innéstormont 2stormont pic, in ainneoin na drochaimsire, le seasamh láidir a ghlacadh in éadan ciníochais agus ar son an chomhionannais agus na héagsúlachta. D’eagraigh Gaeil aonaracha agus eagraíochtaí éagsúla an slógadh seo faoi bhrat An Tionól Dearg, chun aird na bpolaiteoirí agus an phobail araon a dhíriú ar cheist na Gaeilge agus mar ráiteas in aghaidh an chiníochais sa pholaitíocht ar Lá Idirnáisiúnta na gCearta Daonna ag na Náisiúin Aontaithe. Is fóram feachtasaíochta é do phobal na Gaeilge é An Tionól Dearg, a d’eagraigh An Lá Dearg i mBéal Feirste in Aibreán na bliana seo, ina raibh na mílte duine ar shráideanna Bhéal Feirste ar mhaithe le comhionannas.

 

I measc na n-imeachtaí a thit amach in Stormont, eagraíodh céilí, damhsa ar an tsean-nós agus chan daltaí bunscoile amhrán na Nollag trí mheán na Gaeilge le daoine a choinneáil ar bharr na gaoithe, diomaite den drochaimsir.

 

Agus í ag caint ar chéimeanna Stormont, dúirt Aoife Nic an tSaoir, eagraí de chuid An Tionól Dearg:

‘I gcomhthéacs ar bith eile, dar linn go nglacfaí le tagairtí Gregory Campbell don Ghaeilge mar thagairtí ciníocha. Tá muid ag iarraidh air na tagairtí sin a tharraingt siar agus leithscéal a ghabháil le pobal na Gaeilge, leis na mílte páiste atá ag freastal ar scoileanna Gaeilge agus leis an mhórphobal ar grá leo an Ghaeilge. Níl sé inghlactha, sa lá atá inniu ann, go dtig le polaiteoirí masla agus ionsaí a dhéanamh ar theanga dhúchais na tíre seo agus ar a cainteoirí. Cuireann muid fáilte mhór roimh na pobail mhionlach a léirigh a gcuid dlúthpháirtíochta linn inniu, mar nuair a dhéantar ionsaí orainn mar phobal mionlaigh, déantar ionsaí ar na mionlaigh go léir agus ar chomhionannas i gcoitinne.

 

‘Ocht mbliana i ndiaidh do ghealltanas Acht na Gaeilge, i gcomhaontú ceangailteach idirnáisiúnta i gCill Rímhinn, agus sé bliana déag i ndiaidh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta, pléitear leis na Gaeil sa tsochaí go fóill mar a bheadh saoránaigh ísealchéime iontu. Ba mhaith linn bheith ag maireachtáil i sochaí fhorásach agus ilchultúrtha a chuimsíonn éagsúlacht agus a chuireann cuimsitheacht chun cinn. Tá na daoine óga a bhailigh anseo inniu i dteideal an mheasa agus na dínite céanna mar atá ag achan duine eile sa tuaisceart agus ní ghlacfar le rud ar bith seachas sin sa amach anseo.

 

Arsa Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Cosaint Teanga agus Ionadaíochta Chonradh na Gaeilge, a bhí ina measc siúd a d’eagraigh an Slógadh:

 

“Léiríonn an slua a tháinig amach anseo inniu beocht agus tiomantas phobal na Gaeilge agus ár n-iarrachtaí an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh arís ag leibhéal polaitiúil, go háirithe agus na cainteanna tras-pháirtí ag dul ar aghaidh faoi láthair. Ba mhian linn, mar phobal, feasacht fán Ghaeilge a ardú agus ceist na Gaeilge a chur i réimse cheist na gcearta daonna i gcoitinne.

 

Tá muid thar a bheith sásta gur tháinig ionadaithe ó ghrúpaí mionlach eile amach le tacú linn inniu agus bhí sé tábhachtach dúinn seasamh a ghlacadh ar an lá seo, Lá Idirnáisiúnta na gCearta Daonna agus dár ndóigh, súil amháin againn ar na cainteanna atá faoi lán seoil faoi láthair. Tá an chumhacht ag na polaiteoirí todhchaí níos fearr a chinntiú don Ghaeilge agus seasamh in aghaidh ciníochais de gach sórt, éilíonn muid orthu, agus go háirithe ar rialtas na Breataine, an rud ceart a dhéanamh.”

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-31 01:33:11

Admin/login Comments RSS

ILBF