An Taoiseach – ‘tá muinín agam as an Choimisinéir’

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Cháin an Taoiseach roinnt airí dá chuid féin, an Tanáiste san áireamh, as a dtuairimí faoin aighneas maidir le caint an Choimisinéara Martin Callinan a léiriú go poiblí. Agus é ag caint le hiriseoirí inniu dhearbhaigh an Taoiseach go bhfuil muinín aige as an Choimisinéir agus gurbh fhearr leis go ndéanfadh aon Aire a bhfuil tuairim aige faoin cheist an tuairim sin a nochtadh ag tábla an rialtais seachas go poiblí. Inniu mhol an Tanáiste agus an tAire Joan Burton araon go ndéanfadh an Coimisinéir Callinan cuid dár dúirt sé le Coiste an Oireachtais um Chuntas Poiblí a tharraingt siar. Agus inné nochtaigh an tAire de chuid Fhine Gael, Leo Varadkar,  an tuairim chéanna ar bhealach iontach lom díreach.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-20 01:35:12

Admin/login Comments RSS

ILBF