An Taoiseach ag iarraidh dealbh John Redmond i dTeach Laighean

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an Taoiseach go bhfuil sé chun labhairt leis na húdaráis cuí féacháil le dealbh nó leacht cuimhneacháin a bheith ann do John Redmond i dTeach Laighean. Tá sé i ndiaidh scríobh chuig iarcheannaire  Fhine Gael, John Bruton ag aontú leis gur am tráthúil é seo chun a leithéid de dhealbh a thógáil i dTeach Laighean. Chuimhnigh John Bruton go bhfuil dealbh Redmond i dtithe Parliminte Westminster agus ghabh sé buíochas le hEnda Ó Cionnaith as an obair atá déanta aige leis an scéal a bhrú chun cinn. Aréir agus é ag caint ag ócáid i gCill Mhantáin dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan, gur duine Redmond a ba cheart a i measc laochra na hÉireann a rinne éacht ar son daonlathas parliminte. Dar leis nár thuig iad sin a cháin Redmond as moladh do Éireannaigh dul isteach in arm Shasana in 1914, nár thuig siad comhthéacs an ama agus go raibh an Ghearmáin i ndiaidh ionradh a dhéanamh ar thír neodrach na Beilge. ‘Chreid Redmond go mba cheart d’Éirinn ‘gníomhú ar mhaithe le difear a dhéanamh agus chun bunphrionsabail a chosaint i ndomhan a bhí easnamhach agus , go minic, briúidiúil.’

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive