An Tanáiste den tuairim nach raibh páirt ag an stát i gcúléisteacht

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Agus é faoi bhrú leanúnach ó Mary Lou Mc Donnell sa Dáil inniu dhearbhaigh an Tanáiste Eamon Gilmore gurb é a thuairim nach raibh aon chuid den stát páirteach i gcúléisteacht ag oifig Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána. Níl sé cinnte gur tharla a macasamhail ach tá an rialtas faoi bhrú mór chun go gceadófaí don Aire Dlí is Cirt Alan Shatter ceisteanna a fhreagairt ag an Choiste Oireachtais um Maoirseachta Seirbhísí Poiblí agus Achainí. Chuir an Tanáiste in iúl inniu go bhfuil cainteanna ag dul ar aghaidh faoi sin agus go mbeadh an tAire sásta dul i láthair an Choiste.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 07:59:42

Admin/login Comments RSS

ILBF