An tAire Stáit Ó Ríordáin ag meas cur le reachtaíocht fuatha i bhfianaise trioblóid Phort Láirge

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an tAire Stáit Aodhán Ó Ríordáin go bhfuil sé ag meas leasuithe ar an Acht um Toirmeasc ar Fhuath, 1989, i bhfianaise imeachtaí na deireadh seachtaine seo caite i bPort Láirge. Bhog roinnt daoine de chuid an phobail Romaigh amach as teach sa bhaile i ndiaidh do scaifte de 200 duine nó mar sin dul i mbun agóide ansin. Bhí roinnt acu sin a bhí páirteach ag maíomh go raibh coiriúlacht sa cheantar imithe in airde agus go raibh siad ag iarraidh aird an Gharda a tharraingt air sin. Tuairiscítear go raibh roinnt acu sin a bhí páirteach ag scairteadh os ard, ‘Roma Out.’ Dar leis an Aire Stáit go raibh radharcanna ann a chuimhneodh drong linseála duit agus go bhfuil sé ag meas leasuithe ar an reachtaíocht chuí chun plé le coireanna fuatha.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 14:40:35

Admin/login Comments RSS

ILBF