An tAire Stáit Gaeltachta i bhfách le tumoideachas

náisiúnta, nuacht, Nuacht24
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Preasráiteas

An tAire Stáit Gaeltachta i bhfách le tumoideachas

Thug an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh TD le fios inniu in agallamh ar
Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil sé i bhfách go mór leis an
tumoideachas, agus go bhfeictear dó go bhfuil ról lárnach ag an Roinn Oideachais i
gcur chun cinn na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta.

Dúirt sé go bhfuil dualgas air mar Aire Stáit na Gaeltachta mar gheall ar an
Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus cúrsaí pleanála teanga, ach thug sé le fios go
gcreideann sé go gcaithfidh an Roinn Oideachais a bheith gníomhach i slánú na
Gaeilge freisin.

Dúirt an tAire Stáit:
'Tá alán díospóireachtaí faoin teanga faoi láthair.  Ceist mhór i mo bharúil, cé atá
freagrach as an teanga? Tá dualgas mór ormsa i leith na Gaeltachta, an Straitéis 20
bliain, agus pleanáil teanga, ach tá freagracht mhór ar an Roinn Oideachais fosta. 
Só, ba mhaith liom an Roinn Oideachais a thabhairt isteach sa díospóireacht seo.'

Craoladh an t-agallamh ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-26 06:33:57

Admin/login Comments RSS

ILBF