An stát chun cás na ‘Fir faoi Chochall’ a thabhairt faoi aird Chúirt na hEorpa

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dhearbhaigh dlíodóirí leis an stát tráthnóna san Ard Chúirt go bhfuil siad chun cás na bhfear sin a mhaígh gur céasadh iad in ionaid míleata de chuid arm na Breataine sa tuaisceart in 1971 a thabhairt faoi bhráid Chúirt na hEorpa. Tá doiciméid tugtha chun tosaigh ó shin ag an Lárionad Pat Finucane a tharraingíonn amhras ar an fhianaise a thug na Breatanaigh ag an am a bhí an t-éisteacht sa Chúirt Eorpach sna luath 1970í. Chraol RTÉ clár bunaithe ar an eolas nua agus chuir an scéal i mbéal an phobail. Thóg roinnt de na fir cás cúirte chun brú ar an stát an scéal a chur as an úr faoi hráid Chúirt na hEorpa. Ba mhaith leis an stát go ndéanfadh an chúirt an scéal a athbhreithniú. An t-am sin ciontaíodh an Bhreatain as caitheamh ar bhealach táireach is mídhaonna. Ach níor ciontaíodh iad as céasadh. Ó Shin i leith d’úsáidaigh rialtais éagsúla, rialtas Mheiriceá san Iaráic mar shampla, bhain siad úsáid as an rialú sin chun cur i gcoinne líomhaintí go raibh siad i mbun céasta.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-23 08:04:51

Admin/login Comments RSS

ILBF