An saol le linn na dTrioblóidí, www.raidiofailte.com ag iarraidh cuimhní cinn Ghaeilgeoirí

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá Raidió Fáilte i mbun sraith cláir raidió a dhéanamh i láthair na huaire maidir leis an saol a bhíodh ag daoine le linn na dTrioblóidí.
Beidh an tsraith ag díriú isteach go háirithe ar an saol nó ar eachtraí a bhain le daoine sna Sé Chontae nó sna ceantracha le taobh na teorann.
Táimid ag iarraidh ar Ghaeilgeoirí a bhfuil scéal le hinsint acu faoin tréimhse sin nó faoina saol le linn an ama sin dul i dteagmháil linn.
Tá scéalta ar leith le hinsint ag Protastúnaigh le Gaeilge agus ba mhór linn cloisteáil ó dhaoine ón chúlra sin. Is féidir dul i dteagmháil linn ag
oifig@raidiofailte.com nó ag
eoghan@raidiofailte.com

Go raibh maith agaibh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 10:52:55

Admin/login Comments RSS

ILBF