An rialtas chun abhcóide sinsearach a cheapadh le líomhaintí Mc Cabe a scrúdú

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Agus an Comhaireacht ag bualadh le chéile inniu tugadh le fios go bhfuil an rialtas chun abhcóide sinsearach a cheapadh a mbeidh de chúram aige na líomhaintí a rinne an Sairsint Maurice Mc Cabe chun a shocrú ar ghá tuilleadh fiosrúcháin a bheith ann. ‘Aisfhreagra dochreidte lag’ a thug urlabhraí Fhianna Fáil ar Ghnóthaí Dlí is Cirt, Niall Collins ar an scéal. ‘Cad atá an rialtas ag iarraidh a cheilt.’

Bhí na líomhaintí ina mór-ábhar ag cruinniú na ComhAireachta. Tá dreim leis an Aire Dlí is Cirt Alan Shatter teacht i láthair na Dála inniu nó níos moille an tseachtain seo le ráiteas a dhéanamh faoi roinnt dá bhfuil tite amach nó ag titim amach sna gnéithe éagsúla de na scéaltaí éagsúla atá tagtha chun tosaigh mar gheall ar na Gardaí.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive