An rialtas ‘ag machnamh’ faoi reachtaíocht ghinmhillte – an Dr Reilly

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir an tAire um Páistí, an Dr James Reilly, go bhfuil an rialtas ag machnamh i rith an ama ar an reachtaíocht a bhaineann le ginmhillte agus faoin dóigh a bhfuil sé ag feidhmiú. Bhí ardchonspóid ann i rith an tsamhraidh mar gheall ar chás Miss Y. Nuair a fiafraíodh don Aire ar maidin, agus é ag seoladh tuarascáil cinn bliana 2013 ag Ionad Géarchéim Éignithe Bhaile Átha Cliath an raibh sé sásta leis an dóigh a bhfuil an reachtaíocht reatha ag feidhmiú dúirt an tAire Reilly go mbeadh an tAire Varadkar ag cur an Comhaireacht ar an eolas faoin reachtaíocht is a fheidhmiú inniu agus luaigh sé gur gheall an rialtas ón tús go ndéanfaí monatóireacht ghéar ar an reachtaíocht. Chuimhnigh sé lena chois nach bhfuil an reachtaíocht i bhfeidhm ach naoi mí. Dar leis go bhfuil na firicí faoi cad a tharla go díreach i gcás Miss Y de dhíth orthu agus iad ag machnamh faoi fheidhmiú na reachtaíochta agus go bhfanfaidh sé ar thuairisc ón Aire Varadkar tráthnóna inniu.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-25 19:51:01

Admin/login Comments RSS

ILBF