An PSNI ag iarraidh go gcuirfí ballraíocht san IRA i leith Ghearóid Mc Adam

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Dar le Nuacht BBC Radio 4 go bhfuil  an PSNI ag iarraidh ar an Seirbhis Ionchúisitheora ó thuaidh go gcuirfí an dlí ar Ghearóid Mc Adam as a bheith ina bhall den IRA. Deir an Teachta Dála Mc Adam gur dhirigh cuid mhór de na ceisteanna a cuireadh air agus é faoi ghlas ar na líomhaintí gur bhall den IRA a bhí ann. Cé gur thug foinsi PSNI le fios gur shíl bleachtairí go raibh go leor fianaise acu Dé Céadaoine seo caite chun cás láidir a dhéanamh i gcoinne cheannaire Shinn Féin is díol suntais é nach raibh oiread fianaise acu go fiú lena chúisiú as ballraíocht san IRA, gan trácht ar aon chúis eile, seachas é a ligean saor gan chúisiú Dé Domhnaigh. Tuigtear go deachaigh an PSNI i dteagmháil le déanaí le roinnt daoine a mhaígh go raibh a fhios acu go raibh Gearóid Mc Adam san IRA agus d’iarr orthu ráiteas a shíniú. Is léir go bhfuil iarracht mhór ar bun ag an PSNI chun Gearóid Mc Adam a chur sa chró maidir leis a shéanadh go raibh sé ina bhall den IRA . Ar maidin mhol an Tanáiste Eamon Gilmore go mba cheart do dhaoine gan aon rud breise a rá faoin chás fad is go bhfuil an Seirbhis Ionchúisitheora ó thuaidh agus meas an comhad a cuireadh faoina mbráid.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive