An leabhar is mó i nGaeilge a scríobh aon údar amháin seolta i Maigh Eo!

ealaíona, náisiúnta, nuacht, Nuacht24

An leabhar is mó i nGaeilge a scríobh aon údar amháin seolta i Maigh Eo!

 

 

 

Seoladh an leabhar is mó i nGaeilge a scríobh aon údar amháin riamh an tseachtain seo caite. Ag caint go hoifigiúil ag an ócáid seolta bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Nollaig Ó Muraíle, ó Chnoc Mhuire ó dhúchas agus Ceann na Roinne Gaeilge in OÉ Gaillimh: “Go deimhin, déarfainn go bhfuil sé ar na leabhair Ghaeilge is tábhachtaí dár foilsíodh riamh agus go bhfuil comaoin as cuimse curtha ag an údar, An Dr Fiachra Mac Gabhann, ar phobal léitheoireachta na Gaeilge, agus go háirithe ar mhuintir an chontae seo, Maigh Eo.” Is taighde tábhachtach atá i “Logainmneacha Mhaigh Eo” ar thuairim agus 3,500 d’ainmneacha oileán agus bailte fearainn Mhaigh Eo. Thosaigh an Dr Fiachra Mac Gabhann ar an saothar seo nuair a bhog sé go ceantar Phartraí in 2001. Ar ball, cnuasaíodh 7,500 leathanach d’fhianaise stairiúil agus de spíonadh teangeolaíoch a chuimsíonn 2.5 million focal, rannta idir deich n-imleabhar. Foilsíodh líon teoranta de na himleabhair seo le déanaí; foilsíodh dlúthdhiosca, chomh maith, ar a bhfuil iomlán an taighde ar fáil. Bailítear ann tagairtí stairiúla d’aonaid riaracháin Mhaigh Eo – an tríú contae is mó sa tír – agus déantar spíonadh ar ghnéithe teangeolaíocha ainmneacha na n-aonad sin dá réir. Moltar bunleaganacha Gaeilge de na logainmneacha taobh le plé ar mhíniú. Úsáideadh liodán leathan d’fhoinsí, i dteangacha éagsúla, ó ré na luathstaire anuas go dtí teacht na Suirbhéireachta Ordanáis sna 1830í; cuireadh breis agus 300 duine áitiúil faoi agallamh agus cuireadh taifid éagsúla a rinneadh de chainteoirí dúchais Gaeilge Mhaigh Eo le caoga bliain anuas san áireamh. Ina dteannta sin, scrúdaítear na mílte de mhionainmneacha ‘neamhoifigiúla’ a bailíodh i gcuid de phobail Ghaeltachta agus oileánda an chontae.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 00:48:26

Admin/login Comments RSS

ILBF