1. An Lá Stocaireachta ó dheas – Dé Céadaoin, 11 Meitheamh
Beimid ag eagrú lá stocaireachta in óstán Buswells agus ag tabhairt cuireadh do gach polaiteoir sa Dáil agus sa Seanad chun teacht ar chuairt chugainn san óstán i rith an lae le bualadh le hionadaithe óna ndáilcheantair agus ó na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta leis na héilimh seo a leanas a phlé:
- Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 a leasú*
Go háirithe:
- Foráil nua a chur san Acht go mbeidh faoi dheireadh 2016 gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge
- Foráil nua a chur san Acht go mbeidh ar a laghad 30% d’fhostaithe nua sa státseirbhís fostaithe don chéad 10 mbliana eile a bheidh in ann cumarsáid sásúil a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge
- Cothrom na Féinne don Ghaeilge sa cháinaisnéis
(práinn leis seo mar go bhfuil an cháinaisnéis á shocrú faoi láthair)
- Na forais le freagracht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a mhaoiniú i gceart, i. stop a chur le haon laghdú eile ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus na ranna cuí agus tús a chur leis na buiséid a mhéadú
- Deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach