An Fhírinne maidir le Cath Chluain Tarbh á plé ag Comhdháil Idirnáisiúnta i gColáiste na Tríonóide

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

An Fhírinne maidir le Cath Chluain Tarbh á plé ag Comhdháil Idirnáisiúnta i gColáiste na Tríonóide

 

Cath Chluain Tarbh – Ceannairc an Doichill nó leathcheann Éirí Amach na Cásca i ré na Meánaoise? BAILE ÁTHA CLIATH, an 10 Aibreán 2014 -Ceannairc an doichill nó leathcheann Éirí Amach 1916 i ré na meánaoise? Beidh na saineolaithe is mó údarás ar domhan faoi Chath Chluain Tarbh ag cruinniú le chéile i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath amárach ag féachaint leis an bhfírinne faoinar thit amach maidir leis an gcath sin a shoiléiriú. Is comhdháil mhór idirnáisiúnta í seo mar chomóradh ar 1000 bliain ó tharla an troid agus ó fuair Brian Bóraimhe bás. Is beag dáta eile i stair na hÉireann a mbíonn oiread suntais dó agus a bhíonn d’Aoine an Chéasta 1014 nuair a troideadh Cath Chluain Tarbh. Ar an dáta sin a fuair an tArd-Rí, Brian Bóraimhe, bás an tráth céanna ar chuir a arm an cath ar a chuid naimhde, idir Lochlannaigh agus Éireannaigh. Ba é an tuiscint ar an gcath a chuirtí chun cinn ná gur chath é i rith na meánaoise a bhí aon dul le hÉirí Amach na Cásca 1916, gurbh é Brian an laoch agus an mairtíreach a threoraigh a arm ar Aoine an Chéasta go bhfuair siad an lámh in uachtar ar an namhaid págánach nach mbeadh i gceannas orthu dá bharr. Ina ainneoin sin, is é an dearcadh is mó atá á léiriú acu siúd a scrúdaigh an cás le tamall anuas nach raibh mórán i gceist leis an gcath seachas an beart ba dheireanaí in éirí amach rí Laighean, agus comhghuaillithe dá chuid as Baile Átha Cliath, in aghaidh Bhriain, rí na Mumhan. Tabharfar le chéile den chéad uair na saineolaithe is údarásaí ar an ábhar ag an 16úSiompóisiam faoi Bhaile Átha Cliath na Meánaoise, faoin teideal Clontarf 1014-2014, arna eagrú ag Roinn na Staire<http://www.tcd.ie/history/> i gColáiste na Tríonóide i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Féachtar ag an gcomhdháil le fírinne ar tharla i gCluain Tarbh a leagan síos do lucht an aonú aois is fiche agus le ról Bhriain Bhóraimhe a bhreithniú i bhfianaise obair thaighde de scoth na linne seo, athscrúdú ar ghinealas Bhriain san áireamh, go bhfeictear cé mar a bhaineann a chuid DNA leis an náisiún ar fad. Beidh aird chomh maith ar an obair thaighde le gairid ar ar bhain leis an Ard-Rí agus ar ról na Lochlannach in Éirinn na meánaoise. Beidh an chomhdháil ar siúl Dé hAoine agus Dé Sathairn, an 11ú agus an 12ú Aibreán i dTéatar Edmund Burke i gColáiste na Tríonóide. Seolfar láithreán gréasáin nua (http://dh.tcd.ie/clontarf/)le mapaí idirghníomhaíochta maidir leis an gcath ag an gComhdháil. Iarchéimithe i stair na meánaoise i gColáiste na Tríonóide agus an Centre for High Performance Computing<http://www.tchpc.tcd.ie/>san ollscoil a rinne an fhorbairt ar an láithreán gréasáin. Leagadh amach an láithreán gréasáin mar acmhainn oideachais don phobal chun cur lena dtuiscint ar an gcath suntasach seo i stair na tíre agus ar ghnáthshaol na ndaoine in Éirinn le linn ré na Lochlannach. Ríomhtar ionsaithe na Lochlannach agus teacht chun cinn a gcuid bailte ar na mapaí idirghníomhaíochta chomh maith le feachtaisí míleata Bhriain Bhóraimhe agus ar tharla ar Aoine an Chéasta, an 23 Aibreán 1014. Dúirt fear eagair na Comhdhála, an Dr Seán Duffy, Comhollamh le Stair na Meánaoise i gColáiste na Tríonóide: “Is í an fhírinne faoi Chath Chluain Tarbh nach aon chluiche coimhlinte idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan a bhí ann. Dá mba ea, ní fhéadfaí a chur síos gurbh le Brian Bóraimhe an lá, ó tharla gur maraíodh ann é. Ní fhéadfaí a mheas gur bua a bhí i gCath Chluain Tarbh dó mura raibh namhad i bhfad níos contúirtí i gceist ná rí Laighean: sa chás sin, d’fhéadfadh lucht leanúna an Ard-Rí glacadh leis, ainneoin gur thug seisean a anam ar a son, gurbh fhiú sin mar gheall ar thromchúis an ní a seachnaíodh ar an lá cinniúnach sin – gabháil iomlán na hÉireann ag na Lochlannaigh.” “Tá Brian Bóraimhe, an fear agus an miotas a ghabhann leis, lárnach i samhlaíocht mhuintir na hÉireann. Is é an suaitheantas náisiúnta – atá ar feiceáil ar na boinn airgid, ar mheirge an Uachtaráin, ar an bpionta Guinness agus a chuirtear ar taispeáint i gColáiste na Tríonóide – cláirseach Bhriain Bhóraimhe. B’fhéidir go meabhróidh an tUachtarán Ó hUiginn don Bhanríon Eilís gur de shliocht Bhriain Bhóraimhe í féin. Is de shliocht Roibeard Brús í aniar ó Shéamus VI agus ba iad Strongbow agus Aoife Nic Mhuireadha seanmhuintir a sheanmhátharsan. Ba é Brian sin-sin-sinseanathair shin-sin-sin-seanmháthair Aoife. Is tráthúil anois Brian, a chuid feart agus an oidhreacht a tháinig dá bharr, a mhíniú agus a léiriú do mhuintir na linne seo.” Ar na cainteanna a thabharfar le linn na comhdhála, beidh siad seo a leanas: · What actually happened at the Battle of Clontarf?: Seán Duffy, Comhollamh le Stair na Meánaoise, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath · Ireland in 1014: the great of church and state: Donnchadh Ó Corráin, Ollamh Emeritus le Stair na Meánaoise in Éirinn, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh · The unique nature of Dál Cais DNA: Catherine Swift, Stiúrthóir Léann na hÉireann, Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh · The archaeology of Brian Boru: Linzi Simpson, bainisteoir tionscadail seandálaíochta · Brian and the kings of Leinster: Edel Bhreathnach, POF an Discovery Programme, Baile Átha Cliath: · The archaeology of the Battle of Clontarf: An Dr Andrew Halpin, Ard-Mhúsaem na hÉireann · Brian Bóraimhe and the Battle of Clontarf in later Irish tradition: Meidhbhín Ní Úrdail, Ceann na Nua-Ghaeilge i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Tá ceangal faoi leith ag Coláiste na Tríonóide le Brian Bóraimhe ós ann atá Cruit Bhriain Bhóraimhe, ar íomhá di suaitheantas náisiúnta na hÉireann, ar caomhnú. Cé nach eol aon cheangal dáiríre idir an chruit agus Brian, agus gur óige go mór an chruit ná ré Bhriain, is i gColáiste na Tríonóide freisin atá an t-aon iarsma amháin ar caomhnú ar féidir a rá le cinnteacht go bhfaca an tArd-Rí é agus go bhféadfadh gur leag sé lámh air – Leabhar Ard Mhacha ina bhfuil scríbhinn mar chomóradh ar chuairt Bhriain ar chathair Ard Mhacha sa bhliain 1005 ina dtugann sé Imperator Scotorum, “Impire na nGael” air féin. Is i gColáiste na Tríonóide freisin atá an bailiúchán is fairsinge d’fhoinsí lámhscríbhinní de chuid na meánaoise faoi Chath Chluain Tarbh ar coimeád. Áirítear orthu sin an téacs iomráiteach Cogadh Gáedhel re Gallaibh (Cogadh na nGael leis na Gaill) arb é is mó ba chúis le híomhá miotasach Bhriain Bhóraimhe a theacht chun cinn. Tá na hiarsmaí sin ar taispeáint go poiblí i dtaispeántas suntasach nua dar teideal Clontarf 1014: Brian Boru and the Battle for Dublin sa Seomra Fada i gColáiste na Tríonóide. Leanfaidh an taispeántas go deireadh na bliana 2014. Tá clár iomlán na comhdhála agus sonraí maidir le clárú ar fáil ag:https://www.tcd.ie/history/clontarf/

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 06:50:44

Admin/login Comments RSS

ILBF