An Fhéile Phan-Cheilteach le tionól i nDoire in 2014-2015

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an fhoireann a bhí freagrach as Fleadh Cheoil na hÉireann a thabhairt go Doire i mbliana ag beartú tabhairt faoi mhórócáid eile a thionól sa chathair, mar atá An Fhéile Phan Cheilteach. Beidh sé ann i nDoire den chéad uair riamh i Seachtain na Cásca 2014 agus arís eile i Seachtain na Cásca 2015.  Bíonn tuairim is 10,000 páirteach i réimse mhór imeachtaí ag an Fhéile de ghnách agus dar le  Gearóid Ó hEára,  Cathaoirleach ar an choiste eagair don Fhéile Phan Cheilteach, Doire 2014 – 2015 gur chraigh an dóigh a ndearna muintir na cathrach an Fleadh Cheoil a reachtáil go bhfuil siad inchurtha leis an ócáid Ghaelach seo agus ócáidí mar é. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó www.panceltic.ie

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 06:47:48

Admin/login Comments RSS

ILBF