An Feachtas Dearg – cruinniú ag Gaeil i gCultúrlann Bhéal Feirste chun Slogadh frithchíníoch a eagrú

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an Feachtas Dearg, foram feachtasaíochta do Phobal na Gaeilge a d’eagraigh an Lá Dearg stairiúil i mí Aibrean na bliana seo inar spreagadh na mílte Gaeil chun na sráideanna i mBéal Feirste ar son cearta, cothromas agus cóir, ag eagrú ‘Slogadh Frithchíníoch ar son comhionannais’ ag Stormont ar a 1 a chlog ar an an 10 Nollaig, a bhéas ar an lá céanna leis an Lá idirnáisiúnta Cearta Daonna. D’eascair seo ó chruinniú pacailte a reachtalach oíche cheadoine 26 Samhain sa Chultúrlann i mBéal Feirste ina raibh 60 Gaeil i lathair. Ag caint ar son an fheachtas, dúirt Aoife Nic an tSaoir, ‘I gcomhthéacs ar bith eile, dar linn go nglacfaí le tagairtí Gregory Campbell don Ghaeilge mar thagairtí ciníocha. Tá muid ag iarraidh air na tagairtí sin a tharraingt siar agus leithscéal a ghabháil le pobal na Gaeilge, leis na mílte páiste atá ag freastal ar scoileanna Gaeilge agus leis an mhórphobal ar grá leo an Ghaeilge. Nuair a dhéantar ionsaí orainn mar phobal mhionlaigh, déantar ionsaí ar na mionlaigh go léir agus ar chomhionannas i gcoitinne. Beidh muid ag bualadh sa Chultúrlann arís ag 5.00 ar oíche Luain 1 Nollaig, chun an Slogadh frithchíníoch a eagrú. Tá Fáilte roimh Ghaeil ar bith ar suim le bheith páirteach. Teagmháil: oifigfailte@culturlann.ie

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-05-27 01:22:13

Admin/login Comments RSS

ILBF