*An dochar bainte as Gaireas Pléascach Seiftithe i mBaile Munna

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

 

 

Bhain Foireann Diúscartha Buamaí an Airm an dochar as Gaireas Pléascach Seiftithe inmharthana (IED) i gceantar Belclare i mBaile Munna, go moch ar maidin Aoine. Chuir Óglaigh na hÉireann an Fhoireann amach ar iarratas ón nGarda Síochána tar éis gur tugadh gaireas amhrasta faoi deara in aice le feithicil páirceáilte lasmuigh d’áit chónaithe phríobháideach. Bhí an fhoireann ar an láthair ag 1.10am agus scrúdaigh siad an gaireas *in situ*. Dhún na Gardaí an limistéar agus folmhaíodh roinnt tithe a bhí i ngar ar mhaithe le sábháilteacht. Bhain Ceann na Foirne an dochar as an ngaireas inmharthana le pléascadh rialaithe. Fógraíodh an láthair slán sábháilte ag 3.30am agus d’fhill an fhoireann ar a bunáit. Tugadh a bhfuil fanta den ghaireas ar lámh do na Gardaí ansin le cabhrú leo lena gcuid imscrúduithe.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 22:10:37

Admin/login Comments RSS

ILBF