An Dochar bainte ag Foireann Diúscartha Buamaí an Airm as Seanghránáid

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

An Dochar bainte ag Foireann Diúscartha Buamaí an Airm as Seanghránáid Inmharthana i Mala, Contae Chorcaí

 

 

Bhain Foireann Diúscartha Buamaí an Airm an dochar as seanghránáid inmharthana inné. Fuarthas an ghránáid le linn oibreacha tógála ag teach cónaithe príobháideach i Mala, Contae Chorcaí. Chuir Óglaigh na hÉireann an Fhoireann amach ar iarratas ón nGarda Síochána nuair a tháinig duine den phobal ar an ngránáid chreimthe. Meastar gur gránáid de dhéanamh Mills ó thús an fichiú haois a bhí ann, a raibh ábhar pléascach inti agus a bhí fós contúirteach. Dhún na Gardaí an ceantar agus b’éigean roinnt srianta tráchta a chur i bhfeidhm ar mhaithe le sábháilteacht an phobail. Bhí an Fhoireann Diúscartha Buamaí ar an láthair ag 4pm agus thug siad an gaireas chuig limistéar glas in aice láimhe áit ar baineadh an dochar as trí phléascadh rialaithe. Fógraíodh an láthair slán sábháilte díreach roimh 5pm agus d’fhill an Fhoireann ar an mBunáit. An bhliain seo caite, dhéileáil Óglaigh na hÉireann le 35 sean-mhuinisean ar nós cheann an lae inniu.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-24 11:29:29

Admin/login Comments RSS

ILBF