An Dochar bainte ag Foireann Dhiúscartha Buamaí an Airm as Gránáid Stairiúil

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

An Dochar bainte ag Foireann Dhiúscartha Buamaí an Airm as Gránáid Stairiúil i gContae Ros Comáin

Bhain Foireann Dhiúscartha Buamaí an Airm dochar as Gránáid den Chineál Mills a thagann as tús an 20ú hAois, i gCo. Ros Comáin tráthnóna inniu. Cuireadh an Fhoireann amach go dtí áitreabh tráchtála in Ard na nEach, Co. Ros Comáin ar iarratas ó na Gardaí áitiúla. Fuair oibrí an ghránáid le linn dó a bheith ag déanamh obair thochailte. Bhí an Fhoireann Dhiúscartha Buamaí ar an láthair ag 12.30 pm agus scrúdaigh siad an ghránáid *in situ*. Thug an Fhoireann go dtí áit shábháilte í agus baineadh an dochas aisti le pléascadh rialaithe. Fógraíodh an áit slán sábháilte ag 1pm agus tá an fhoireann fillte ar an mbunáit anois. Coinníonn Óglaigh na hÉireann Foirne Diúscartha Buamaí an Airm ar a n-airdeall ar fud an Stáit ar bhunús 24/7 chun iarratais ar chúnamh a fhreagairt ar fhógra láithreach gluaiseachta. Seo é an 18ú glao go dtí seo in 2014 agus an tríú ceann a bhaineann le gránáidí stairiúla le seacht lá anuas.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-20 07:50:19

Admin/login Comments RSS

ILBF