An Coimisinéir Callinan i ndiaidh éirí as

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

D’fhógair an Coimisinéir Martin Callinan ar maidin go bhfuil sé ag éirí as mar Choimisinéir ar an Gharda Síochána. Tháinig a fhógra aniar aduaidh ar bhaill an fhórsa agus ar go leor tráchtairí is polaiteoirí. Meastar go bhfeidhmeoidh an LeasChoimisinéir Noirín Ní  Suilleabháin mar Choimisinéir fad is go bhfuil comharba Martin Callinan á ceapadh. Agus í ag caint ar RTÉ ar maidin dúirt an Teachta Dála Clare Daly go mba cheart don Choimisinéir éirí as agus nár leor aige leithscéal a ghabháil nó a chaint ag an Choiste Oireachtais a tharraingt siar. Ach cé go raibh roinnt Teachtaí de chuid an Chomhrialtais I ndiaidh brú a chur ar an Choimisinéir níor smaoiníodh go raibh oiread brú ann is go n-éireodh an Choimisinéir as. Níor léir iomlán na gcúiseanna lena chinneadh ach tá dréim le ráiteas uaidh ar ball inniu. Bhí a chás agus gnéithe eile de scéal an Gharda le plé ag an ChomhAireacht inniu ach beidh aird á díriú anois ar iarrachtaí an rialtais chun an dochar ó na scannail éagsúla agus éirí as an Choimisinéara a theorannú.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-25 01:57:03

Admin/login Comments RSS

ILBF