An Clár, agus Corcaigh, abú!

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Bhí bua ag Corcaigh ag deireadh na seachtaine , go fiú mura thug na hiománaithe Corn Mhic Charthaigh leo, nó bhain mná Chorcaí Cluiche Ceannais Sinsir na mBan. Bhí acmhainn ar leith iontu chun an corn a thabhairt leo don ochtú uair nuair a d’éirigh leo, ar éigean, an lámh in uachtar a fháil ar mhná Muineacháin. Bhí cúilín sa bhreis ag Corcaigh ar deireadh, Corcaigh 1-10, Muineachán 1-09. Is é an ochtú uair le naoi mbliain do mhná Chorcaí an Corn a thabhairt leo. Mná an Chabháin a thóg leo an Corn Idirmheánach i bpeil na mban agus Bhí corradh is 30,000 amuigh aréir chun fearadh fáilte ar leith a chur roimh laochra iomána an Chláir nuair a thug siad Corn Mhic Carthaigh ar ais chuig an chontae den chéad uair le 16 bliain i ndiaidh cluiche ceannais ar leith. Beidh suim á gcur sa lucht féachúna a bhí ann don chluiche ar theilifís agus ar ball ar an tóir a bheidh air ar RTEPlayer nó bhí sé ina chluiche thar a bheith corraitheach, thar a bheith maith agus iomrá air anois i measc fiú iad sin nach rachadh amach as an bhealach de ghnách chun breathnú ar chluiche CLG.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-24 13:11:49

Admin/login Comments RSS

ILBF