AN CHÉAD OMBUDSMAN RIAMH LE SEASAMH SIAR DE BHARR EASPA GNÍOMH AN RIALTAIS – tuairim is míle ag léirsiú Chonamara inniu

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

 

Grianghraf le caoinchead Marion Ní Shúilleabháin

Bhí tuairim is 1,000 duine I lthair inniu don léirsiú tacaíochta do Sheán Ó Cuirreáin inniu. Bronnadh gradam ar Sheán agus é ag dul buíochas le gach duine a bhí l áthair ag tús na léirsithe ag a oifig ar an Spidéal. Chuaigh níos mó daoine ag siúil leis an mhórshiúil de réir a rinne lucht léirsithe a mbealach soir go dtí  Ceanncheathrú Roinn na Gaeltachta, Na Forbacha , áit a tugadh litir isteach don Aire Stáit Gaeltachta Dinny Mc Ginley..
Ansin cuireadh clabhsúr ar imeachtaí an lae le  le ceol agus craic ag Tí Phadhraicín, Na Forbacha

Agus é ag caint leis an slua dúirt an Coimisinéir Ó Cuirreáin nach dtagródh sé an lá inniu ach do dhá rud gur gur ionadh leis maidir leis an dóigh a caitheann an stat le pobal na Gaeltachta. Dar leis go bhfuil an stat den tuairim go bhfui sé maith go leor pobal na Gaeltachta a bheith ag labhairt I nGaeilge idir a chéile ach nár cheart dóibh an Ghaeilge a labhairt leis an stat! Agus lena chois go gcaitheann an stat airgead agus dua ar an Ghaeilge a theagasc I scoileanna an stáit ach a luaithe is a bhíonn an chuid sin déanta diúltaíonn siad plé leis na daoine atá siad I ndiaidh líofacht theanga a bhronnadh orthu. Ghuigh sé arís eile gath rath ar an Choimisinéir nua, Rónán Ó Domhnaill,

 

*SEASANN SEÁN Ó CUIRREÁIN SIAR INNIU, AN CHÉAD OMBUDSMAN RIAMH LE SEASAMH
SIAR DE BHARR EASPA GNÍOMH AN RIALTAIS*

Ghlac Conradh na Gaeilge buíochas ó chroí le Seán Ó Cuirreáin, An
Coimisinéir Teanga, atá éirithe as oifig inniu, Dé Domhnaigh, 23 Feabhra
2014, mar gheall ar easpa gníomh an Rialtais agus an imeallú den teanga
agus den Ghaeltacht atá déanta de bharr an easpa gnímh sin.

*Dúirt Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:* “Is mór an
chailliúint é Seán Ó Cuirreáin don tír ach tuigeann muid go maith na
cúiseanna atá sé ag éirí as. Caithfear an gníomh atá déanta aige a thógáil
i gcomhthéacs. Níor éirigh aon ombudsman eile as oifig de bharr easpa gnímh
an rialtais riamh in Éirinn ach mhothaigh sé nach raibh an dara rogha aige
mar gheall nach bhfuil an Rialtas sásta seirbhísí Ghaeilge a chinntiú do
phobal na Gaeltachta gan ceist gan coinníoll. Go bunúsach, tá an státchóras
ag brú Béarla ar phobal na Gaeltachta agus ag cur le meath na Gaeltachta.
Chomh maith leis sin, níl an Rialtas ag cinntiú a dhóthain státseirbhísigh
ó dheas gur féidir leo seirbhísí a chur ar fáil don phobal as Gaeilge nó as
Béarla.”

D’fhreastail Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge inniu ar mhórshiúil eagraithe ag
pobal na Gaeltachta i gConamara ó Oifig an Choimisinéara Teanga go dtí
Oifigí na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le buíochas a chur in
iúl don Choimisinéir atá ag eirí as agus len a fearg a chur in iúl don
Roinn.  D’fhág siad litir ag léiriú na feirge sin ag Oifigí na Roinne.

*Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:* “Léiríonn an
mórshiúl eagraithe ag pobal na Gaeltachta i gConamara inniu, seachtain i
ndiaidh Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar a d’fhreastail suas le
deich míle duine, go mothaíonn an pobal nach bhfuil an Rialtas dáiríre faoi
na fadhbanna a shoiléirigh an Coimisinéir Teanga a shárú. Níl a thuilleadh
gealltanais folamh nó ráitis ón Rialtas ag cur in iúl go bhfuil siad ag
éisteacht ag teastáil uathu. Tá siad ag iarraidh gníomh láithreach”.

Bunaithe ar mholtaí an Choimisinéara Teanga reatha agus ó chruinnithe
poiblí timpeall na tíre, is iad na héilimh atá á lorg ag Conradh na Gaeilge
le ceart agus comhionannas a bhaint amach don teanga ón dá Rialtas ná:

- Seirbhís stáit as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta, gan
cheist, gan choinníoll faoi dheireadh 2016;
- Seirbhísí Stáit a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge ar
comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla;
- Acht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe a achtú ó thuaidh;
- Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú in 2014;
- Deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga
oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017; agus
- An pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur
i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus sa Straitéis
don Ghaeilge ó thuaidh.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-08-21 18:36:28

Admin/login Comments RSS

ILBF