An Ceathrú Rua caithréimeach ag Gradaim Ghlór na nGael

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Ar na grianghrafanna feictear i gceann acu Seán Ó Domhnaill, Comharchumann Mhic Dara le baill an choiste ag ardú Trófaí Náisiúnta Ghlór na nGael, in einneacht leis an Aire Gaeltachta, Donncha Mag Fhionnghaile TD, Éamonn Ó hArgáin, Foras an Gaeilge, agus Pat Carey ag Bronnadh Ghlór na nGael.

Buann Comharchumann Mhic Dara, an Cheathrú Rua, Duais Náisiúnta Ghlór na nGael

 

Bronnadh níos mó ná €120,000 ag ócáid bhliantúil Bronnadh Duaiseana Ghlór na nGael i gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath. Chruinnigh 350 ó gach cearn den tír don oíche chéiliúrtha Gaelach agus i measc na n-aíonna bhí Gaeil ó Nua Eabhrac agus Ceanada, mic léinn ó Ollscoileanna thuaidh agus theas, agus ar ndóigh ionadaithe na gcoistí áitiúla.

 

Craoladh an ócáid beo ar an idirlín don chéad uair, rud a lig do dhaoine ‘freastal’ ar an imeacht óna mbailte féin.

 

B’é an tAire Gaeltachta Donncha Mag Fhionnhaile a bhronn na nduaiseanna, agus bhí urra ó go leor eagrais i láthair, Foras na Gaeilge ina measc.

 

Cé go raibh go leor duaiseann fógartha I Mí Feabhra, bhí dhá ghearrliosta le scoileadh ag an mbronnadh féin, agus luath san oíche fógraíodh gurb é An Cumann Gaelach, Coláite na Tríonóide, Buaiteoir 203 den Chomórtas Tríú Leibhéal, agus seic ar €2,000

 

Ach b’é fógairt Buaiteoir na Bliana den chomórtas náisiúnt buaic phointe na hóiche, agus tháinig An Cheathrú Rua Contae na Gaillimhe chun tosaí as gearrliosta ar a raibh Carbn Tóchair, Doire agus Cairde, Ard Mhacha.

 

Tá seoc €20,000 urraithe ag an Roinn Ealaíona, Oidhreacht agus Gaeltachta, agus Trófaí Foras na Gaeilge buaite ag an Cheathrú Rua don chéad uair.

 

Tá liosta iomlá na mbuaiteoirí ar www.glornangael.iegl;orrglorglor 1glor 2

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-20 18:02:10

Admin/login Comments RSS

ILBF