An céatadán is airde den vóta ó thuaidh do Shinn Féin, an líon is mó suíochán don DUP

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá an comháireamh ó thuaidh críochnaithe agus léiríonn sé gur bhain an DUP 130 suíochán, i gcomparáid le 105 suíochán comhairle ag Sinn Féin. Bhain an UUP 88 suíochán, 66 ag an SDLP agus 32 ag Páirtí an Chomhaontais. Bhain neamhspleáchaigh agus páirtithe beaga eile 41 suíochán.

 

Maidir leis an chéatadán tá Sinn Féin ar 24%, titim 0.5% ón am deireanach, tá an DUP ar 23%, titim ó 27% an t-am deireanach, tá an UUP ar 16.5%, ardú 1%, an SDLP ar 12.5%, titim ó 15%. Thit Alliance 1% agus tá siad anois ar 6%. Mhéadaigh an TUV ó 2% go 4 .5%. Toghadh aon iarrthóir amháin ag NI21, an comhairleoir Johnny Mc Carthy i Lios na gCearrbach.

.

 

 

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 17:26:02

Admin/login Comments RSS

ILBF