An bua ag Árainn Mhór i gcomórtas náisiúnta Chlár Raidió Gael Linn

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Preasráiteas An bua ag Árainn Mhór i gcomórtas náisiúnta Chlár Raidió Gael Linn Is iad Gairmscoil Mhic Dhiarmada, Árainn Mhór, a thug leo an bua i gComórtas Náisiúnta Chlár Raidió Gael Linn 2014. Fógraíodh na buaiteoirí ar Rónán Beo @3 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin. ‘Inis Caorach’ an teideal a bhí ar an gclár raidió a rinne siad, clár faoi mhuintir Inis Caorach, oileán a tréigeadh sna caogaidí. Sa chlár, déanann cuid de mhuintir Inis Caorach cur síos ar an saol a chaith siad, laethanta scoile, laethanta oibre, droch-laethanta agus saol deas suaimhneach freisin. Bhuaigh siad €650. Is iad Coláiste Cholmcille, Oileán Thoraí, a tháinig sa dara háit leis an gclár ‘TGairmscoil Mhic Dhiarmada Pressóir ar Thaibhsí’, dráma raidió, agus thug siadsan leo €450. Scéal faoi thaibhsí atá i gceist, bunaithe ar scéal faoi lánúin óg a maraíodh céad bliain ó shin. Is iad Coláiste na nUrsulach, Sligeach, a thug leo an tríú duais sa chomórtas le duais €350 don chlár ‘Beezie, bean an locha’. Cur síos ar shaol Beezie Ní Ghallachóir atá sa chlár, bean a mhair ar cheann de na hoileáin atá ar Loch Gill, gar do bhaile Shligigh. Ba í an t-aon duine a bhí ar an oileán, agus is ann a fuair sí bás. Comórtas bliantúil é seo atá á eagrú ag Gael Linn chun aitheantas a thabhairt do thallann úr raidió i measc daltaí idirbhliana go príomha. I mbliana bhí 37 iarracht uilig istigh ar an gcomórtas. Le cur isteach air réitíonn daltaí, le cabhair óna gcuid múinteoirí, clár raidió 15-20 nóiméad ar a rogha téama. Is féidir cur chuige éagsúla a úsáid – m.sh. agallaimh, comhrá, ceol beo, nuacht agus eile. Dúirt an moltóir Seán Ó hÉanaigh, Eagarthóir Stiúrtha Cláracha RTÉ Raidió na Gaeltachta, faoin gclár buacach: Clár fíor thaitneamhach é seo atá ag cur síos ar shaol atá imithe. Pobal beo bríomhar a mhair ar Inis Caorach go dtí gur tréigeadh an áit sna caogaidí. Is féidir saol na ndaoine a shamhlú go soiléir agus tú ag éisteacht leis an gclár. Tá uaigneas ag baint leis freisin, mar gur féidir le bunú an oileáin a n-áit dhúchais a fheiceáil anois ón mórthír – áit atá anois ciúin, dubh dorcha san oíche. Seod de chlár. Ag labhairt thar ceann Ghael Linn, dúirt Seán Ó Ceallaigh, Bainisteoir Scéimeanna Náisiúnta: Is bealach spéisiúil é an Comórtas Clár Raidió leis an Ghaeilge a chur chun cinn sna scoileanna agus ag an am céanna, tugann sé deis do scoláirí idirbhliana, ach go háirithe, blaiseadh a fháil d’earnáil na meáin chraolta. Fógraíodh buaiteoirí an chomórtais ar Rónán Beo @3 ó stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall, ar an Déardaoin.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-18 06:23:23

Admin/login Comments RSS

ILBF