An Béal Binn —-nach mbeidh ina thost!

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

A chara,

 

 

Tá Aras Inis Gluaire, Ionad Ealaíona Iorras Teo, ag cur tús le féile litríochta nua agus beomhar i 2014, 6- 8 Meitheamh. ‘Sé ár ndúil é go mbeadh an ocáid áirithe seo neamhfhoirmiúil agus cairdiúil ach dúshlánach agus ábhartha chomh maith céanna. Lonnaithe i mBéal an Mhuirthead, i mbarántacht Iorrais, i dtuaisceart Mhaigh Éo, tá an áit réidh le tabhairt faoina leithéid agus é sáite mar atá sé sa traidisiún béil le saibhreas na cainte agus seanchas i réim. An téama ná Cultúr agus Comóradh agus beidh ceardlanna, díospóireachtaí agus léamha ann, ag iniúchadh an ábhar seo ar go leor slite. Táimid ríméadach go mbeidh aoíanna éagsúla speisialta ag glacadh páirt sna himeachtaí ar nós Kate Kerrigan, Donal Ryan, Mícheál Ó Conghaile, John Banville, Martin Dyar, Colette Nic Aoidh, Tommy Tiernan & Michael Harding agus Diarmuid de Faoite, Carol Hunt ón Sunday Independent ag léiriú diospóireacht le John Waters agus Ed Vulliamy ó The Guardian, a bhuaigh Gradam on Tuairisceoir Eachtrannach na Bliana faoi dhó. Beidh ceol agus amhránaíocht chun tosaigh freisin mar go mbeimid ag tabhairt omós do fathaigh na litríochta ar nós Yeats agus Kavanagh. Freisin beidh comóradh á dhéanamh againn ar Séamus Heaney agus ar foilseachán Dubliners le James Joyce, tríd léiriúchán don ‘Dubliners Dilemma’ le Declan Gorman a chur ar stáitse. Beidh fáilte freisin roimh scoth na talainne ó Maigh Éo le Mike Mc Cormack, Terry McDonagh agus Ger Reidy ag glacadh páirt. Agus ag léamh roinnt dá saothar dúinn beidh grúpai scribhneoireachta ó Mhaigh Eo, Gaillimh, agus Baile Atha Cliath. Is gné fíor thábhachtach é do réimse na litríochta béim a leagann ar fhorbairt na scríbhneoireachta agus tá An Béal Binn chun freastail ar seo tríd ceardlanna filíochta, ceardlanna beatháisnéis, ceardlanna léirmheastóireacht liteartha a chur ar bun le linn an deireadh seachtaine. Tá an chlár iomlán ar fáil ag www.arasinisgluaire.ie<http://www.arasinisgluaire.ie>

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-17 10:52:50

Admin/login Comments RSS

ILBF