An AE ag caint agus tuilleadh saighdiúirí Rúiseach ag dul isteach san Úcráin

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá cainteanna ag dul ar aghaidh san Aontas Eorpach agus ar roinnt ardáin eile idirnáisiúnta de réir mar a théann géarchéim na hÚcráine in olcas. Tá Ban Khi Moon, ArdRúnaí na Náisiúin Aontaithe, chun bualadh le Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise, Sergei Lavrov, tráthnóna. Agus beidh Airí Gnóthaí Eachtracha, Eamon Gilmore san áireamh, ag bualadh le chéile inniu féacháil le teacht ar pholasaí comhaontaithe. Dar le roinnt Gnóthaí Eachtracha go bhfuil smachtbhannaí ar na roghanna atá ar fáil acu ach meastar go mba leisc leis an Aontas tosú ar chogadh eacnamúil leis an Rúis. Nó ar ndóigh tá an tAontas ag brath go mór ar ghás na Rúise agus ar árbhar ón Rúis. Meastar go bhfuil tuairim is 6,000 saighdiúir de chuid na Rúise san Crimé agus tá a líon ag dul in airde i rith an ama ó tharla go bhfuil na haerfoirt agus na haerbhealaí isteach is amach as an reigiún faoi smacht na Rúise.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-27 03:43:29

Admin/login Comments RSS

ILBF