Amnesty, crualach agus urchóideach gan dúnmharú Pat Finucane a fhiosrú i gceart

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir Amnesty International go bhfuil sé idir chrualach agus urchóideach gan dúnmharú Pat Finucane a fhiosrú i gceart. Chuir siad sin iúl cothrom an lae ó mharaigh drong de chuid an UDA Pat Finucane sa bhaile agus scaoil a bhean sa chos. Léiríodh ó shin go raibh bunús mór iad sin a bhí freagrach as an dúnmharú a mholadh, as eolas a bhailiú faoin dlíodóir agus as é a scaoileadh, go raibh siad ar phá-rolla ag áisínteachtaí de chuid an stáit, an Brainse Speisialta, MI5/6 agus seirbhísí faisnéise arm na Breataine. In ainneoin gur gheall rialtas na Breataine ag cainteanna Páirc Weston fiosrúchán neamhspleách a bhunú leis an dúnmharú a fhiosrú dhiúltaigh rialtas Gordon Brown ná David Cameron a leithéid d’fhiosrúchán a bhunú. Anuraidh rinne Desmond da Silva iniúchadh teoranta ar an dúnmharú ar iarratas ó David Cameron agus cé gur dhearbhaigh sé go raibh dlúthpháirtíocht áirithe i gceist shocraigh sé go raibh sé teoranta agus nach raibh aon fhianaise ann go raibh treoir ag teacht chuig lucht dlúthpháirtíochta ó pholaiteoirí nó daoine sinsearacha sa státchóras. Dhiúltaigh clann Pat Finucane scun scan do tuarascáil da Silva agus d’éiligh siad arís eile inniu go mbeadh fiosrúchán neamhspleách le gné idirnáisiúnta ann leis an fhírinne a aimsiú faoinar tharla do Pat Finucane agus do dhaoine eile a maraíodh i gcoinníollacha den tsórt céanna.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-23 12:37:20

Admin/login Comments RSS

ILBF