Amhrán na hÉireann don Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Amhrán na hÉireann le roghnú don

Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2014

Is i gCeatharlach a reachtálfar an comórtas náisiúnta arís i mbliana. Is gá na focail agus an ceol a bheith nua­chumtha agus glacfar le hamhrán traidisiúnta, pop amhrán, amhrán tíre, amhrán rac ceilteach agus eile. Ní foláir na hiarratais a bheith ar dhlúthdhiosca agus a sheoladh chuig Glór Cheatharlach roimh 5.00i.n. ar an Aoine, 31 Eanáir 2014. 

 

Canfar amhráin an ghearrliosta beo os comhair lucht féachana ag an gComórtas Náisiúnta ins an Óstán Seven Oaks, Ceatharlach ar an Satharn, 8 Márta, 2014. IMRO a bheidh mar phríomh urra ar an gcomórtas náisiúnta i gcomhar le Gael Linn. €1,000 agus trófaí an duais don bhuaiteoir, chomh maith le dul ar aghaidh ar son na tíre chuig an comórtas idirnáisiúnta a bheidh ar siúl le linn na Féile Pan Cheilteach i nDoire, 22-27 Aibreáin 2014.

 

Beidh comórtas speisialta i mbliana d’iomaitheoirí faoi 17 mbliana d’aois. Fáiltítear roimh amhráin nuachumtha ó amhránaithe aonair agus ó ghrúpaí ceoil óga agus beidh €200 chomh maith le trófaí ina dhuais don bhuaiteoir.

 

Glór Cheatharlach a eagróidh an comórtas náisiúnta agus beidh ceoltóirí aitheanta i mbun moltóireachta. Is é Ollie Hennessy an stiúrthóir ceoil. Measfar na hamhráin ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus an cur i láthair. Rachaidh amhrán na hÉireann ar aghaidh le bheith in iomaíocht leis na hamhráin náisiúnta eile ag Alba, An Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, Corn na Breataine agus An Bhriotáin chun Corn Pan Cheilteach 2014 agus duais mhór airgid a bhuachaint.

 

Rialacha uile agus foirmeacha iarratais an chomórtais náisiúnta ar fáil ar www.panceltic.ie

Seol ríomhphost chuig eolas@glorcheatharlach.ie nó is féidir glaoch a chur ar 

oifig Ghlór Cheatharlach ar 059 9158105, 085 1340047 nó 087 2857048. 

An seoladh d’iarratais le dlúthdhioscaí: 

An Comórtas Amhrán Pan Cheilteach 2014, Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach, Co. Cheatharlach.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-27 17:30:15

Admin/login Comments RSS

ILBF