Ambasaid na Vatacáine le hathoscailt

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Tá Ambasaid na hÉireann sa Vatacáin le hathoscailt, dhá bhliain go leith i ndiaidh don rialtas reatha é a dhruidim, ceal airgid, dar leo. Chuir an rialtas in iúl go mbeidh an Ambasaid nua ar cheann amháin de ocht gcinn nua atá le hoscailt fud na cruinne. Orthu sin beidh Ambasáid i mBangkok, in Hong Kong, in Sao Paolo, in Austin (Texas)  sa Chróit, san Indinéis, agus i gCéine. Druidfear an Ambasaid in Lesotho agus beidh gearradh siar ar na seirbhísí ag an Ambasáid sa Liotuáin. In Sierra Leone, déanfar an oifig do Cúnamh Éireann a uasghradú le go mbeidh sé feasta ina Ambasaid.

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive