Albam nua ó Ronán Ó Snodaigh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Sos is ainm don albam úr ó mháistir an bhodhráin, Rónán Ó Snodaigh. Ocht namhrán
nua‐chumtha atá ann – iad lán le sprid, le fuinneamh, le diamhair, le ceol.
Tá amhránaíocht Rónáin ana‐láidir tríd síos na hamhráin agus tá banna den
scoth á thacú go tréan – Pete Ruotolo ar an giotár, Nick Seymour ó Crowded
House ar an dord, Steven Mogerley ar an dord dúbailte, Conor Murray ar na
dromaí agus Liam Ó Maonlaí ar an pianó. ‘The Ocassionals’ a thugtar ar an
mbanna.
Is i gCalafornia Iarthar Mheirceá a tógadh an léiritheor Pete ‘Pamf’ Ruotolo. Tá sé
i mBleá Cliath leis na cianta ach níor chaill sé an bun‐ghrá do cheol an funk. Tá a
thionchar le cloisint go smior agus is san spás spéisiúil atá cothaithe aige a
bhfaigheann Rónán é féin don chéad uair – agus is sona sásta atá sé ann!
Nuair a thosnaigh an próiséis is go Corca Dhuibhne le haghaidh babhta
taifeadadh a bhí Rónán, Steven agus Conor ag dul. D’imigh Pete siar leo ina
dteannta tar éis dó bualadh le Rónán ar Shráid Chamden. Ó Iarthar Chalafornia
go Iarthar Chiarraí! Ó Aigéan an Pacific chuig an Aigéan Atlantach!
Ar fhilleadh go Bleá Cliath dóibh lean an taifeadadh i stiúdeó Pete agus is ann a
chuala Nick Seymour na hamhráin – d’iarr sé cead bheith mar bhall den mbanna!
Ní stróinséar é Liam Ó Maonlaí ar chéirníní Rónáin agus mar is gnáth is álainn,
ealaíonta a sheinnt. Tá ‘The Ocassionals’ tar éis cúpla ceolchoirm a sheinnt
cheana féin – in Ard‐eaglais Chríost, san Electric Picnic agus san Upstart Park.
Beidh siad ag seinnt arís ag seoladh Sos i Whelans i lár chathair Bhleá Cliath.
Tuile eolais & interview Sarah Glennane; mob: +353 864021179
sarahglennane@gmail.com
Sos – Rónán Ó Snodaigh
Dáta Eisithe, 22ú Samhain
Dataí:
23ú Samhain; Cleeres, Kilkenny
24ú Samhain, Seoladh Whelans, Dublin
6ú Nollaig: St Johns Theatre, Listowel
8ú Nollaig: Monroe’s Galway
15ú Nollaig: Coughlans Cork
22ú Nollaig: IFSC/
DocklandsChristmas Venueronán

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-18 18:15:17

Admin/login Comments RSS

ILBF