*Albam nua ar an mhargadh ag Seán Ó hÉanaigh

náisiúnta, nuacht, Nuacht24
*Albam nua ar an mhargadh ag Seán Ó hÉanaigh*

*The Tides that Bind/Fánaíocht* an teideal atá ar an albam nua le Seán Ó
hÉanaigh, amhránaí, cumadóir agus craoltóir as Conamara, a seolfar Dé
hAoine 14 Samhain sa Spidéal.  Tá amhráin thraidisiúnta i mBéarla, i
nGaeilge agus i nGàidlhlig le cloisteáil ar an albam, agus amhráin
nua-chumtha le Seán freisin.

Ní ón ngaoth a thóg sé é.  Ba as Conamara dá thuismitheoirí, bhí ceol ar
dhá thaobh an teaghlaigh, agus bhí an-cháil ar a uncail Joe Éinniú mar
amhránaí sean-nóis.   Rugadh Seán i mBostún, Mheiriceá, agus bhí sé báite i
gcultúr na hÉireann thall.  Is cuimhin leis go mbíodh ceol i gcónaí sa
teach – Irish Hour ar an raidió, ceirníní de cheol traidisiúnta á gcasadh,
agus neart oícheanta airneáin sa teach.

Bhog an teaghlach ar ais go hÉirinn nuair a bhí Seán 10 mbliana d’aois,
agus chuir siad fúthu i gCarna, ceantar a bhfuil cáil na hamhránaíochta air
le fada an lá.  Go gairid théis dóibh a theacht abhaile, thosaigh Kate,
máthair Sheáin, ag breacadh síos focail na n-amhrán a bhí aici i leabhar
nótaí le clúdach dearg.  Tháinig go leor de na hamhráin atá ar an albam seo
as an leabhar nótaí sin, agus tá an t-albam tiomnaithe do Khate, a bhásaigh
ar 1 Eanáir 2013.

Tá Seán ag cumadh amhrán agus ag gabháil fhoinn ó bhí sé óg.  Bhí sé ina
bhall den ghrúpa Roudledum, a bhíodh ag casadh ar fud an iarthair sna 80í.
I 1990, bhunaigh sé an grúpa Éinniú, agus sa bhliain 1992 d’eisigh siad
albam ar lipéad Chló Iar-Chonnacht (CIC).  Amhráin a chum Seán, den chuid
is mó, a bhí le cloisteáil ar an albam sin, cuid acu a bhfuil an-tóir orthu
go fóill, an t-amhrán ‘Conamara’ ina measc.  Is é *The Tides that Bind /
Fánaíocht* an chéad albam aige ó shin.

Chomh maith le bheith ina cheoltóir, tá aithne go forleathan ar Sheán mar
chraoltóir, agus tá sé ina Eagarthóir Stiúrtha Clár i RTÉ Raidió na
Gaeltachta.  Cuireann sé an clár Sruth na Maoile i láthair lena
chomh-bhádóir Mairi Anna Nic Ualraig.  Scoth an cheoil ó thraidisiúin na
hÉireann agus na hAlban a bhíonn le cloisteáil ar an gclár, atá ag
ceiliúradh fiche bliain ar an aer i mbliana. Go deimhin, ba in Albain a
taifeadadh an t-albam seo, in Ardgour.   Tá Mairi Anna le cloisteáil air,
chomh maith leis na ceoltóirí Allan Henderson, Blair Douglas, Findlay
Napier, Chaz Stewart agus Signy Jacobsdottir, ceoltóirí atá luaite le
bannaí ar nós Blazing Fiddles, Runrig, Cliar agus Capercaillie.  Tá Maidhc
Ó hÉanaigh, mac le Seán, le cloisteáil ar an albam freisin.

Tá amhráin thraidisiúnta le cloisteáil ar *The Tides that Bind / Fánaíocht*,
go leor acu ar cuimhin le Seán go mbíodh a mhuintir á rá, leithéidí *Bríd
Thomáis Mhurchadha* agus *An Buachaill Caol Ard*.  Tá trí amhrán i mBéarla
sa bhailiúchán freisin, ceann acu sin *The Banks of the Lee*, ar cuimhin le
Seán a mháthair agus Joe Éinniú á rá.  Tá dhá amhrán i nGàidhlig na hAlban
le cloisteáil ar an albam, chomh maith le ceithre hamhrán nua-chumtha.

Dúirt Seán faoin albam:
“Tá turas mo shaoil sna hamhráin atá le cloisteáil ar an albam seo.  Tugann
siad le fios cé dár díobh mé, agus an rian atá fágtha ar mo chuid ceoil ag
Conamara, agus ag ceol na hAlban freisin.  Bhain mé an-sásamh as na
hamhráin seo a thaifead, agus tá súil agam go mbainfidh sibhse, a
éisteoirí, an oiread céanna sásaimh as a bheith ag éisteacht leo.”

Seolfar *The Tides that Bind/Fánaíocht* i dTigh Ghiblin sa Spidéal Dé
hAoine 14 Samhain ag 8.30 pm.

Tá fáil ar an albam ó Chló Iar-Chonnacht, agus is féidir é a cheannach ón
suíomh idirlín www.cic.ie.  Tá breis eolais le fáil ag
tidesthatbind@outlook.ie

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-01-24 13:10:15

Admin/login Comments RSS

ILBF