Alan Shatter i ndiaidh éirí as

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

D’fhógair an Taoiseach sa Dáil ar 4.45 tráthnóna go bhfuil an tAire Dlí is Cirt Alan Shatter éirithe as. Dhearbhaigh sé go raibh litir faighte aige ón Aire ag cur in iúl go bhfuil sé chun éirí as mar gheall ar tuarascáil Sean Guerin, abhcóid sinsearach, faoi chás Maurice Mc Cabe, Garda a sceith eolais. Tagann an casadh seo i ndiaidh do tuarascáil faoi líomhaintí Maurice Mc Cabe a bheith curtha ar aghaidh chuig an rialtas agus cáineadh ann ar an Roinn Dlí is Cirt mar aon le háisínteachtaí eile. Agus é ag freagairt ceisteanna ó Ghearóid Mc Adam dúirt an Taoiseach nach bhfuil sé ag dreim le haon duine eile éirí as. Tá dreim le fógra luath ón Taoiseach chun comharba Alan Shatter a cheapadh.  Tá  Leo Varadkar, Charlie Flanigan agus Simon Coveney atá orthu sin a d’fhéadfadh a bheith i gceist. Agus dá rachadh sé chuig Páirtí an Lucht Oibre, Pat Rabbitte. Dar leis an Taoiseach gur ghlac an Aire freagracht as seo agus gur chinn sé éirí as. Níor labhair an tUasal Guerin leis an Aire féin cé go raibh teacht aige ar na doiciméid chuí agus comhfhreagras. Buille mór don rialtas é go bhfuil an Coimisinéir Callinan agus an tAire Shatter beirt anois imithe taobh istigh de dhá mhí , gan a lua an Faighteoir Rúnda agus beidh obair mhór rompu anois tabhairt faoi atheagrú clár oibre agus cur chuige na Roinne Dlí is Cirt. Foilseofar an tuarascáil le Sean Guerin ar  chás Maurice Mc Cabe Dé hAoine deir an Taoiseach cé gur dúirt urlabhraithe leis an fhreasúra go mba cheart go mbeadh sé ar fáil acu inniu. Inné dhearbhaigh idir an Taoiseach agus an Tanáiste a muinín as an Aire.

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-07-20 17:33:09

Admin/login Comments RSS

ILBF