Aithníonn daoine gorma san Afraic Theas fulaingt na bPalaistíneach go maith deir Tutu

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Deir buaiteoir an Duais Síochána Nobel an tArdEaspag Desmond Tutu go gcuimhníonn an dóigh a chaitheann Iosrael le Palaistínigh dó an dóigh ar caiteach le daoine gorma am na cinedheigilte san Afraic Theas. Dhearbhaigh sé arís eile go dtacaíonn sé leis an Ghluaiseacht ar son Baghcat Smachtbhannaí is Dí-infheistiú. ‘Chonaic mé an dóigh a dhéanann baill de fhórsaí slándála Iosrael uirísliú ar bhonn sistéimeach ar fhir, mná agus páistí Palaistíneacha. Aithníonn gach duine gorm san Afraic Theas a d’fhulaing  ciapadh is maslaí is ionsaí ó fhórsaí na cinedheighilte an uirisliú seo. Tá Seachtain Cinedheighilte Iosrael tosaithe san Afraic Theas an tseachtain seo.

Arsa an tArdeaspag Tutu, ‘San Afraic Theas n í bheadh daonlathas again gan cuidiú ó dhaoine fud na cruinne, daoine a bhain úsáid as modhanna neamhfhorneartúil ar nós baghcat is dí-infheistií chun tabhairt ar rialtais agus comhlachtaí tarraingt siar ó bheith ag tacú leis an réimeas cinedheighilte. Is ionann na ceisgeanna atá ag spreagadh an gluaiseacht dí-infheistithe atá ag iarraidh forghabháil Iosrael ar chríocha Palaistíneacha agus an cos ar bholg ar Phalaistinigh a thabhairt chun deiridh.’

 

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-03-30 00:01:43

Admin/login Comments RSS

ILBF