Aisteoirí Bulfin – dráma grinn don Nollaig

náisiúnta, nuacht, Nuacht24

Beidh Aisteoirí Bulfin chugainn arís roimh Nollaig chun splanc a bhaint as ardáin i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh leis an seó is déanaí acu, *Laraedó*. Dráma ceolmhar grinn é *LaraeDó* le hAodh Ó Domhnaill. Is é Barry Barnes an léiritheoir. Díoladh iomlán na dticéad don seó Nollag deireanach a léirigh ag Aisteoirí Bulfin, *Gur Eile* (2011). Moltar, mar sin, ticéad a chur in áirithe go luath! Seo iad na sonraí: *Ionad 1:* The New Theatre, 43 Sráid Essex Thoir, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2 Dátaí: 3, 4, 5, 6 & 7 Nollaig Am: 7.30 pm Áirithintí: (01) 670 3361 *Ionad 2:* An Taibhdhearc, An tSráid Láir, Gaillimh Dátaí: 14 Nollaig Am: 8 pm Áirithintí: (091) 562024 Ticéid: €15 (mic léinn agus OAP €12) Suite san Iarthar Fiáin sna 1880-daí atá *LaraeDó*. Tagann Buddy, fear óg cathrach ón Oirthear, go baile LaraeDó. Tugann sé cuairt ar Fitzies, an salún, agus buaileann sé le muintir na háite – rainséar mór áitiúil, seanmóirí Laraedó, bean tí an tsalúin, marcaigh, cailíní salúin agus muintir bundúchasach na háite. Fonn troda ar chuid acu. Fonn rómánsaíochta ar chuid eile. Fonn óil, ceoil agus ragairne ar gach éinne … Feicfimid ann sibh! *Foireann LaraeDó*

Comments are closed.

Dearthóirí an tSuímh Idirlín Seo: Oin Interactive

2017-10-17 15:53:04

Admin/login Comments RSS

ILBF